Ag Tabhairt faoi Thaighde
Is féidir le húsáid a bhaint as taifid mhíleata a bheith ina fhoinse luachmhar eolais chun taighde ginealais a dhéanamh. Má d'fhóin duine muinteartha leat in Óglaigh na hÉireann ó 1922 ar aghaidh, nó má fuair siad bonn nó pinsean le haghaidh seirbhíse a rinneadh i rith Éirí Amach na Cásca nó le linn Chogadh na Saoirse, d'fhéadfadh tagairt dó sin a bheith laistigh de na bailiúcháin atá againn.
Tabhair ar aird nach gcoimeádann an Chartlann Mhíleata taifid a bhaineann le seirbhís mhíleata roimh an mbliain 1922. Má d'fhóin duine muinteartha leat le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, nó i dtréimhse ar bith roimh 1922, is dócha gur ag fónamh i Reisimintí na hÉireann de chuid Arm na Breataine a bhí an duine sin. Chun tuilleadh comhairle a fháil maidir le taighde a dhéanamh ar thaifid mhíleata na Breataine ba chóir duit dul i dteagmháil le Cartlann Náisiúnta Shasana ag www.nationalarchives.gov.uk nó féachaint ar Threoir na Cartlainne Míleata maidir le taighde a dhéanamh ar Thaifid na Breataine
Tús a chur leis an Taighde
Tá digitiú déanta ar roinnt de na bailiúcháin a bhaineann le ginealas agus is féidir iad a chuardach trí na naisc thíos a leanúint.
Ta bailiúcháin eile ann, ar nós taifid seirbhíse saighdiúirí, nach bhfuil ar fáil ach do neasghaolta amháin agus ní féidir iad a iarraidh ach trí ríomhphost a sheoladh chuig an gCartlannaí atá ar Dualgas. Ba chóir duit ainm iomlán, dáta breithe, seoladh baile nó uimhir sheirbhíse a chur ar fáil nuair is féidir chun an cuardach a éascú. Ní mór cruthúnas ar ghaol a chruthú ionas gur féidir na hiarratais seo a thabhairt chun críche. Is féidir é seo a léiriú de ghnáth.
Is féidir le taighdeoirí ginealais teacht ar bhailiúcháin eile a bhfuil spéis acu iontu trí choinne a dhéanamh don Seomra Léitheoireachta. Osclaítear an Seomra Léitheoireachta de réir coinne, Dé Máirt go Déardaoin gach seachtain idir 10.00-12.30 agus 13.30-16.00. Téigh i dteagmháil leis an gCartlannaí ar Dualgas chun coinne a dhéanamh.
Freagra tapa, an-chabhrach, an-bhuíoch as an eolas a roinneadh ar an gcéad iarraidh...
Freagra Surveymonkey
Bailiúcháin ar Líne
Bailiúcháin Seomra Léitheoireachta