Cód Tagartha: |
IE/MA/CW/CAPT |
Teideal: |
An Cogadh Cathartha - Cáipéisí a Gabhadh |
Dátaí: |
1922-1925 |
Leibhéal an Chur Síos: |
Fonds |
Méid agus Meán: |
8 mbosca Páipéar |
Cruthaitheoir(í): |
Daoine de na fórsaí Poblachtánacha agus daoine a raibh bá acu leo le linn an Chogaidh Chathartha |
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: |
Cáipéisí atá sa bhailiúchán seo a gabhadh ar theacht orthu ag daoine de IRA a gabhadh i mbun fianaise nó le linn cuardaigh, a tógadh ó theachtairí, a fuarthas nuair a tugadh ruathar faoi áitribh a bhí in úsáid ag an IRA, Sinn Féin, Fianna Éireann, Cumann na mBan agus ag daoine a raibh a fhios go raibh bá acu leo nó a raibh amhras orthu ina leith sin. Baineann mórchuid mhór an ábhair le haimsir an Chogaidh Chathartha, teachtaireachtaí a bhí ag dul idir Ceanncheathrú Ginearálta an IRA agus Briogáid nó idir Briogáid agus fo-aonaid eile. Chomh luath agus ab fhéidir tar éis a ngabháil, bhí na cáipéisí seo ag an mBrainse Faisnéise inar coinníodh tuairisc ar ainm an té ónar gabhadh iad agus an dáta agus an áit inar tharla sin. Cuireadh 'uimhir birt' i leith gach dream den chineál sin ar mhaithe le cúrsaí taifeadta. |
Scóip agus íbhar: |
Tá 233 beart de cháipéisí gafa sa bhailiúchán a bhaineann le cúrsaí polaitíochta na linne, le tuairimíocht faoi mheon agus dhearcadh an phobail i leith an chogaidh, agus i leith bhearta a rinne an lucht comhraic. Tá roinnt cáipéisí ina measc a bhaineann leis an mbliain 1919, tráth roimh thús Chogadh na Saoirse . Tá eolas sna míreanna a bhaineann leis an tréimhse idir deireadh an Chogaidh Chathartha agus mí Iúil, 1925 maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh atheagar a chur ar Arm na Poblachta, feabhas a chur ar chúrsaí traenála agus eagrúcháin i bhfianaise ar tharla i rith Chogadh na gCarad, líon na ndaoine sna haonaid a choinneáil mar a chéile agus fórsa cúltaca a chur ar bun. |