Tá suas le 600 comhad i sraitheanna na Rollaí Cathláin agus Complachta Cruinnrollaí Cathláin agus Complachta (RO) an teideal a chuir an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach ar an tsraith comhad a dhéileálann le ballraíocht Óglaigh na hÉireann/IRA, Chumann na mBan agus Fhianna Éireann. Tugann an tsraith mionsonraí faoi bhallraíocht/líon na n-eagraíochtaí sin ar an 11 Iúil 1921 agus ar an 1 Iúil 1922 agus tá 49,982 doiciméad aonair sa tsraith.
I gcás an IRA, lorgaíodh ballraíocht na mBriogáidí, na gCathlán agus na gComplachtaí, agus ballraíocht na gColún Reatha/na nAonad Fiannais agus na n-eagar speisialta eile i gCeanncheathrúna na gCathlán agus na mBriogáidí, mar aon le ballraíocht na n-oifigeach ag leibhéal na Ceanncheathrún Rannáin agus Ginearálta (GHQ).
Dá réir sin, áirithe sa tsraith RO tá an bhallraíocht sna 16 Rannán de chuid an IRA ina raibh iomlán de 87 mBriogáid agus an Scottish Brigade san áireamh (Rannán ab ea é sin go teicniúil mar gur bunaíodh an dara Scottish Brigade ar an 1 Iúil 1922). San áireamh freisin tá dhá chomhad a dhéileálann le ceapachán an Chinn Foirne, Oifigigh Ardfhoirne, ceannasaithe na Stiúrthóireachtaí agus feidhmiú an cheannais ón GHQ ó 1919. (RO601 agus 601A).
Bailíodh an chuid is mó de na comhaid sa bhfoshraith seo in 1935. Ag an am céanna a bailíodh na sonraí faoi eagar, struchtúr agus rollaí ballraíochta Chumann na mBan agus Fhianna Éireann agus tá siad sin áirithe sa tsraith.
Roghnaigh Rannán trí ghliogáil ar an mapa nó roghnaigh as an liosta téacs thíos.
* 2nd Rannóg an Oirthir also known as Briogáid Bhaile Átha Cliath |
|