View the published Guide to the Military Service Pension Collection to find out how the collection is organised and about the information it contains.
Cuimsithe sa bhailiúchán tá corpas mór éagsúil d’ábhar cartlainne agus de thaifid. úsáidtear dhá shruth leathana reachtaíochta chun léiriú a thabhairt ar nádúr agus ábhar na chomhad pearsanta na n-iarratasóirí agus ar ábharthacht na dtaifead cuiditheach riaracháin atá sa bhailiúchán. Bailíodh na taifid thacaíochta riaracháin agus eile chun cuidiú leis an Roinn Cosanta agus leis na comhlachtaí a bunaíodh faoin reachtaíocht chun fiúntas chás gach iarratasóra a mheas.
Sonrú Comhad | Cur Síos |
---|---|
P | 1P: Pinsin nó aiscí faoi Acht Arm-Phinsean 1923 — Éilimh phearsanta a rinne iarbhaill (d’Óglaigh na hÉireann nó den Citizen Army, 1916) i dtaca le créachtú a tharla roimh 1/4/1922 2P;3P;4P;5P: Mar atá thuas i dtaca le créachtú a tharla tar éis 1/4/1922 nó i gcás galair a tolgadh tar éis 1/4/1922. |
D | Liúntas nó aisce cleithiúnaí i dtaca le hiarbhaill a maraíodh roimh 1/4/1922. |
DP | Pinsean míchumais: ar a n-áirítear éilimh ar liúntas speisialta den chuid is mó agus míchumas níos deireanaí. |
MD | Iarratais ar Bhoinn (Bonn 1916 agus Bonn Seirbhíse (1917-1921). |
I RB/II RB/III MSRB | Bord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata: Comhaid a dhéileáil le héilimh mhíchumais de thoradh seirbhíse Réamhshosa. Déileálann na comhaid seo le cruthúnas seirbhíse, (créachtú nó bás faoi Acht 1932); ó 1932 go dtí 1957. |
IRB/A | Bord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata: Déileáil le cruthúnas seirbhíse (créachtú). |
APB | Bord na nArm-Phinsean: Déileáil le hiarratasóirí arbh éigean dóibh dul faoi scrúdú leighis. |
24SP | Iarratais ar Phinsin Seirbhíse Míleata faoi Acht 1924 — Do sheirbhís san Arm Náisiúnta agus freisin sa tréimhse Réamhshosa. |
34SP | Iarratais ar Phinsin Seirbhíse Míleata faoi Acht 1934 d’iarbhaill a rinne seirbhís Réamhshosa nó seirbhís Réamhshosa móide seirbhís leis na fórsaí Frithchonartha. |
34REF | Mar atá thuas, éilimh a chuireadh faoi bhráid an Réiteora. |
49SP | Iarratais ar Phinsin Seirbhíse faoi Acht 1949. |
Con.Ran | Iarratais ar phinsin ó bhaill de na Connaught Rangers de thoradh na ceannairce san India i Meitheamh 1920. |