Is sa Fhrainc i mí Eanáir 1939 a bhásaigh William Butler Yeats, an file agus drámadóir as Éirinn a bhuaigh Duais Nobel. Fuair an file aitheanta bás sa Hôtel Idéal Séjour, Cap Martin agus é ag caitheamh an gheimhridh i nDeisceart na Fraince. Cé go raibh muintir na hÉireann ag iarraidh Sochraid Stáit agus tuama in Ard-Eaglais Phádraig cuireadh ina aghaidh sin mar nach ba é a bhí uaidh Yeats féin. Bhí sé ráite ag Yeats lena bhean chéile go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí sa Fhrainc é dá bhfaigheadh sé bás ann ach go dtabharfaí ar ais go Sligeach é ar dháta níos faide ar aghaidh. "If I die bury me up there and then in a year's time when the newspapers have forgotten me, dig me up and plant me in Sligo." (R.F. Foster 'W.B. Yeats: A Life', Volume II). Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach i mí Mheán Fómhair 1939 ba léir nach mbeadh aon phleananna le déanamh an tráth sin chun Yeats a thabhairt ar ais go Sligeach.
Bunaíodh Seirbhís Chabhlaigh bhuan in Éirinn i 1946 nuair a ceannaíodh trí choirbhéad, an L.É. Macha (an H.M.S Borage roimhe sin), an L.É. Maev (an H.M.S Oxlip roimhe sin) agus an L.É. Cliona (an H.M.S Bellworth roimhe sin) ó Aimiréalacht na Breataine. Bhí na coirbhéid seo breá ábalta aistir a dhéanamh ar an bhfarraige agus nuair a bhí na pleananna déanta chun corp Yeats a thabhairt abhaile cuireadh, ba í an L.É. Macha a cuireadh chun na Fraince.
Chomh maith leis an gcriú féin a bheith ar an L.É. Macha bhí criú scannánaíochta ó Cheannasaíocht an Oirthir agus an grianghrafadóir, an Lt Jack Millar, ar bord chomh maith. Cliceáil ar an íomhá thíos chun píosa scannánaíochta ar an aistear stairiúil seo a fheiceáil.
Thaistil an Ceannasaí Thomas McKenna, oifigeach sinsearach Cabhlaigh in éineacht leis an L.É. Macha agus sheol sé sraith litreacha ar ais chuig an gCaptaen H.J. Jerome, Oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh. Is féidir teacht ar chóip den chomhfhreagras ar fad, ina raibh cur síos ar na coinníollacha aimsire, ar an bhfáilte a cuireadh roimh an L.É. Macha i nGiobráltar agus i Nice agus ar an saol laethúil mar a bhí ar muir, trí chliceáil ar an íomhá thíos.