Déanfar céad bliain ó bunaíodh Cumann na mBan a chomóradh Dé Céadaoin an 2 Aibreán. Leagadh amach cuspóirí na heagraíochta agus cuireadh coiste sealadach ar bun ag cruinniú in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath. Is í Agnes O'Farrelly a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú.
Bhí ceithre chuspóir ag Cumann na mBan
Bhí daoine go leor ar an gCoiste Sealadach a mbeadh eolas orth - Bean Eoin MacNeill, Bean Wyse Power, Bean O'Rahilly, Agnes O'Farrelly, Bean Tuohy, Bean MacDonagh O'Mahony, Bean Gavan Duffy, Bean Padraic Colum, Mary M Colum agus Louise Gavan Duffy.
Nóta eile a bhí i dtuairisc an 'The Irish Volunteer' ar an gcruinniú ná go mbeadh mná incháilithe le haghaidh ballraíochta dá mba rud é gur in Éirinn a rugadh iad nó dá mba de bhunadh na hÉireann iad.
Chuaigh baill Chumann na mBan i mbun máirseála agus druileála, d'fhoghlaim siad garchabhair agus chruinnigh said airgead chun an aidhm a bhí acu i leith saoirse na hÉireann a chur chun cinn.
I mí na Samhna 1914 d'fhógair Cumann na mBan go raibh siad ag tacú le hÓglaigh na hÉireann agus laghdú an líon ballraíochta dá bharr. Faoi 1916 áfach, ghlac go leor de na baill a d'fhan san eagraíocht páirt ghníomhach in Éirí Amach na Cásca, agus iad ag fónamh mar chúiréirí, mar chuiditheoirí agus mar altraí.
Rugadh Eilís Uí Chonaill in 1894 i gContae Longfoirt i dteaghlach a raibh 'dearcadh acu i leith na hÉireann' mar a thug sí le fios. Bhí baint ag a ndaoine muinteartha leis an tréimhse réabhlóideach sin níos faide anonn. Chuaigh Eilís isteach in Ardchraobh Chumann na mBan ag 25 Cearnóg Parnell Baile Átha Cliath i ndiaidh di freastal ar shochraid O'Donovan Rossa i mí Lúnasa 1915. Bhí sí ina ball de Chonradh na Gaeilge cheana féin.
Maidin Luan Cásca fuair Eilís teachtaireacht a bheith ag Plás Bhaile Phámar ag 12 meán lae, ach ní raibh mórán ag tarlú sa cheantar sin an lá sin agus ordaíodh di dul abhaile níos déanaí sa lá. D'fhóin sí ag an GPO in éineacht le Emily Elliott, duine eile de na baill, agus seoladh í chuig Reis's Chambers ar an taobh eile de Shráid Uí Chonaill chun bia a réiteach agus teachtaireachtaí a iompar. Níos déanaí ar an Máirt tháinig sí chuig Garastún na gCeithre Cúirteanna agus cuireadh í go dtí an tAth. Matthew Hall ar Shráid an Teampaill chun cuidiú leis an Aonad Garchabhrach. Is ansin a d'fhan sí don chuid eile den tseachtain agus chuidigh sí le hothair a bhogadh chuig Ospidéal Richmond chun an bealach a réiteach chun géilleadh. I ndiaidh an ghéillte sheachain sí a gabháil trí dhul i measc comhthionól daoine a bhí ag freastal ar Aifreann luath na maidine sin leis na hAithreacha Capuchin ar Shráid an Teampaill.
Tar éis an Éirí Amach lean Eilís dá cuid oibre le Cumann na mBan ag atheagrú agus ag bailiú airgid do chleithiúnaithe na nÓglach. Rinneadh ball d'fheidhmeannas Chumann na mBan ina dhiaidh sin di.
Faoi Acht na bPinsean Seirbhíse 1934, bronnadh ceithre bliana seirbhíse ar Eilís Uí Chonaill mar gheall ar a rannpháirtíocht le linn tréimhse na trodaíochta ar fad. Cliceáil ar an íomhá den iarratas a rinne sí chun tuilleadh a léamh ón iarratas pinsin a rinne sí.
Chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó bunaíodh Cumann na mBan, tá liosta uileghabhálach curtha i dtoll a chéile ag an gCartlann Mhíleata d'ábhair inár mbailiúcháin a bhaineann le hábhar. Áirítear leis sin réimse leathan de thagairtí ó bhailiúcháin a mbíonn an-tóir orthu mar Biúró na Staire Míleata 1913 - 1921 www.bureauofmilitaryhistory.ie agus an chéad chéim de Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata a eisíodh le gairid. Áirítear leis freisin faisnéis ó bhailiúcháin nach mbeadh an oiread sin eolais ag daoine orthu - na mórleabhair faoi Dhoiciméid Ghafa sa Chogadh Cathartha agus faoi Imtheorannú sa Chogadh Cathartha.
Mar gheall go bhfuil obair fós ar siúl ar Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata agus catagóiriú fós á dhéanamh ar pháipéir phríobháideacha, táimid ag súil go mbeidh níos mó foinsí ar Chumann na mBan ar fáil amach anseo.
Cliceáil ar an íomhá thíos chun féachaint ar an liosta seo. Beidh Adobe Reader ag teastáil uait chun an comhad seo a oscailt.