Ag Filleadh Abhaile

Iontráil sa logleabhar don 17 Meán Fómhair 1948 ina dtaispeántar an L.É Macha ag teacht isteach i nGaillimh

Bhain an L.É. Macha Gaillimh amach an 17 Meán Fómhair 1948. Tugadh corp Yeats amach den bhád agus tugadh as sin chuig Sligeach é. Rinne an 1ú Cathlán Coisithe, atá lonnaithe i nGaillimh, Garda Onóra i mbaile Shligigh sular thug an tsochraid aghaidh ar reilig Dhroim Chliabh.

D'fhág an L.É Macha Gaillimh an lár dár gcionn agus thug sí aghaidh ar an Longlann Chabhlaigh in Inis Sionnach, agus is ann a bhí sí don chuid eile de mhí Mheán Fómhair.

Cliceáil ar an íomhá chun na dánlanna éagsúla atá againn a fheiceáil.

Garda Onóra an 1ú Cathlán ag Halla an Bhaile, Sligeach sular tháinig sochraid Yeats.
Nice