Bhain an L.É. Macha Nice amach Dé Sathairn an 4 Meán Fómhair áit ar chas an Leifteanant-Cheannasaí Thompson (Captaen an L.É. Macha) agus an Ceannasaí McKenna le hoifigigh de chuid na Fraince agus le Seán Murphy, Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince.
An mhaidin dár gcionn, d'fhreastail an criú, a bhí roinnte ina dhá ghrúpa faire, ar an Aifreann ag 8am agus ag 9am.
Cliceáil ar na grianghraif chun tuilleadh íomhánna de Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann i Nice a fheiceáil.