Terms & Conditions

ÓGLAIGH NA hÉIREANN - FÓGRA MAIDIR LE CÓIPCHEART AR ÁBHAR AN LÁITHREÁIN GRÉASÁIN

 

© Óglaigh na hÉireann 2011

 

Tá cóipcheart ar an ábhar atá ar an láithreán gréasáin seo.  Tugtar údarás úsáid phearsanta a bhaint as ábhar an láithreáin ghréasáin.  Tugtar cead leas a bhaint as an ábhar ar bhealaí eile ach foinse an ábhair a admháil.  Is le Óglaigh na hÉireann i gcónaí an cóipcheart ar ábhar a chuirtear ar fáil ón láithreán gréasáin seo.

 

 

Séanadh maidir le Cúrsaí Dlí

Ní bhainfidh dliteanas ar bith le hearráid ná le haon ní a bheadh fágtha ar lár. Is d'fhonn eolas ginearálta a chur ar fáil agus ar mhaithe le seirbhís don phobal an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo.  Cé go ndearnadh gach dícheall cinntiú go bhfuil an t-eolas a chuirtear ar fáil cruinn beacht, níl ráthaíocht, gealltanas ná barántas á thabhairt ag Óglaigh na hÉireann ina leith sin, agus ní ghlactar leis go n-eascródh dliteanas ar bith ó earráid ná easnamh ar bith.  Sa chás go gcuirtear earráid nó easnamh ar bith in iúl d'Óglaigh na hÉireann, cuirfear an scéal ina cheart a luaithe is féidir.


Ní comhairle dlí aon chuid d'ábhar an láithreáin

 

 

 

Is d'fhonn eolas ginearálta a chur ar fáil aon tuairim, dearcadh nó treoir a luaitear ar an láithreán gréasáin seo agus ní mheastar gur comhairle dlí ná léirmhíniú deimhin ar an dlí atá in aon chuid acu. Ba chóir d'aon duine a bheadh ag brath dul chun dlí i ndáil le haon ábhar a luaitear ar an láithreán gréasáin dul i gcomhairle le comhairleoir gairmiúil atá cáilithe go cuí.

 

 

 

Ní hionann ábhar ar an láithreán gréasáin agus tuairim chinnte Óglaigh na hÉireann

Níor chóir a mheas gur ionann tuairim, dearcadh ná treoir a luaitear ar an láithreán gréasáin seo agus tuairim chinnte Óglaigh na hÉireann. Dá réir sin, coinníonn Óglaigh na hÉireann de cheart chucu féin teacht ar chinneadh a bheadh i gcodarsnacht le tuairim, dearcadh ná treoir a dtarlódh iad bheith luaite ar an láithreán gréasáin seo.

 

 

 

Níl aon fhreagracht ag baint le láithreáin eile

 

 

Is de ghrá na háisiúlachta a luaitear aon nasc ar an láithreán gréasáin seo le láithreáin ghréasáin sheachtracha, nach iad Óglaigh na hÉireann atá ina mbun, agus níor chóir a mheas go n-aontaíonn Óglaigh na hÉireann le hábhar ná le gnás oibre láithreán den sórt sin nach nglacann Óglaigh na hÉireann le freagracht ar bith ina leith.