Taifeadtaí Guth

Is é atá sa tsraith seo dhá cheann déag de thaifeadtaí cainte (TC) a bhailigh an Biúró idir 1950 agus 1951 le cúnamh ó Choimisiún Béaloideasa Éireann. Roghnaíodh finnéithe le taifeadadh ar ceapadh iad a bheith ‘ina ndíol suntais ar bhealach sainiúil éigin ag lucht staire’ (BMH S 1412 – Aistriúchán). Cuireann na taifeadtaí blas breise le Bailiúchán an Bhiúró, ós féidir le lucht taighde an lae inniu canúint agus tuin chainte na ndaoine seo a chloisteáil agus iad ag insint a scéil in gcuid cainte féin.

Ina measc siúd a ndearnadh taifeadadh orthu, tá Áine Cheannt, baintreach Éamoinn Cheannt, duine de na ceannairí a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na bliana 1916, a thugann cuntas ar an gcéad chruinniú de Chomhairle Míleata Bhráithreachas na Poblachta ina teach féin ar Bhóthar Oakley, Baile Átha Cliath; William O’Brien, ceannaire ar an lucht oibre, a chuireann síos ar an gcuimhne a bhí aige ar Shéamus Ó Conghaile, ceannaire eile a cuireadh chun báis sa bhliain 1916, agus Maud Gonne McBride, a labhraíonn ar na cúiseanna gur athraigh sí ó bheith ina ‘cailín gan cúram’ go raibh sí ina ceannaire réabhlóideach..

General Sean MacEoin

Madam Gonne McBride

Oscar Traynor

Sean Moylan

Sean T O Kelly

William O'Brien

William T Cosgrave

Mrs Eamon Ceannt (Áine Ceannt)

Mrs Tom Clarke (Kathleen Clarke)

Rev Fr. Aloysius Cap

The Hon. Conor A. Maguire

The Hon Mr Justice George Gavan Duffy