Innéacs de na Cáipéisí Comhaimseartha

Sraith Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúró na Staire Míleata (BSM CC) 
Is é atá sa tsraith seo 2,500 cáipéis a cuireadh ar fáil don Bhiúró, cuid mhór acu ar soiléir gur cáipéisí íocónacha de chuid na linne iad. Ba mhinic na cáipéisí á dtabhairt isteach in éineacht le ráiteas finné a thug lucht a mbronnta agus is díol spéise an léargas atá iontu ar ghnéithe éagsúla de ré na réabhlóide. Tá litreacha, meamraim, foilseacháin ar annamh cóip díobh a aimsiú anois, ábhar propaganda, lámhleabhair druileála, póstaeir agus, fiú amháin, airgead de chuid na linne ag baint leis an tsraith seo. Bhí dhá innéacs ag gabháil le bailiúchán cáipéisí comhaimseartha an Bhiúró ar dtús: ceann ina dtugtar cur síos bunúsach ar ar thug gach duine a bhronn cáipéisí, ar mhaithe le tagairt a dhéanamh go réidh dó; agus innéacs níos toirtiúla ina dtugtar cur síos níos mionsonraithe ar gach cáipéis. Mar gheall ar an toirt atá san Aguisín leis an Innéacs de na Cáipéisí Comhaimseartha, tá sin curtha i gcúig cháipéis faoi leith d’fhonn soirbhiú dá dtarraingt anuas ón láithreán gréasáin seo.