Gearrthága Nuachtáin 1916

Sampla dá bhfuil i mBailiúchán Cáipéisí Comhaimseartha an Bhiúrá: leabhar de ghearrthága as nuachtáin sa bhliain 1916 – BSM CC 5/9

Is féidir caiteachas már airgid agus ama a bheith i gceist le práiseas digititithe. Tá cuid ollmhár cáipéisí i mBailiúchán Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúrá na Staire Míleata ach go háirithe ar míreanna iad atá an-mhár, somhillte ná ar de mheán speisialta iad agus bheadh cúram faoi leith, acmhainní airgid agus am de dhíth chun digitiú a dhéanamh orthu ar bhealach sásúil. D’fhonn sampla a thabhairt den saibhreas atá sa Bhailiúchán Cáipéisí Comhaimseartha, tá gearrthága as páipéir nuachta na bliana 1916 digitithe againn agus is féidir iad a bhreathnú ar an láithreán gréasáin seo ach cliceáil ar an nasc thíos. Ba í Geraldine Bean Diolún (née Pluincéad), iníon leis an gCunta Pluincéad, a thug na gearrthága seo isteach. Is as páipéir nuachta mhára, de leithéid an Irish Times, na gearrthága agus tá léargas uathu ar an tuairisc a tugadh do mhuintir na héireann ag an am ar imeachtaí a bhain le éirí Amach 1916.

Leanfaidh an Chartlann Mhíleata, mar a dhéanann seirbhísí cartlainne dá sárt ar fud an domhain, den digitiú ar na bailiúcháin is má is díol suime ná tábhachta agus sin uaireanta d’fhonn an caitheamh agus an creimeadh a tharládh don bhunábhar trína láimhseáil go rámhinic sa seomra léitheoireachta a sheachaint.

De réir mar a fheictear romhainn faoi láthair, is i bhfoirm páipéir sa seomra léitheoireachta a bheidh márchuid mhár na mbailiúchán ar fáil go ceann tamaill mhaith.

Mar gheall ar an toirt atá sna Gearrthága as Páipéir Nuachta, tá siad curtha in dhá cháipéis faoi leith d’fhonn soirbhiú dá dtarraingt anuas án láithreán gréasáin seo.