Digitiú

Tuige nach ndéantar digitiú ar bhailiúchán Bhiúró na Staire Míleata de cháipéisí comhaimseartha, BSM CC?

Is féidir caiteachas mór airgid agus ama a bheith i gceist le próiseas digitithe. Tá cuid ollmhór cáipéisí i mBailiúchán Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúró na Staire Míleata ach go háirithe ar míreanna iad atá an-mhór, somhillte nó ar de mheán speisialta iad agus bheadh cúram faoi leith, acmhainní airgid agus am de dhíth chun digitiú a dhéanamh orthu ar bhealach sásúil. D’fhonn sampla a thabhairt den saibhreas a bhaineann le BSM CC, tá gearrthóga nuachtáin 1916 gearrthóga as páipéir nuachta 1916.digitithe againn. De réir mar a fheictear romhainn faoi láthair, is i bhfoirm páipéir sa seomra léitheoireachta a bheidh mórchuid mhór na mbailiúchán ar fáil go ceann tamaill mhaith.

Leanfaidh an Chartlann Mhíleata, mar a dhéanann seirbhísí cartlainne dá sórt ar fud an domhain, den digitiú ar na bailiúcháin is mó is díol suime nó tábhachta agus sin uaireanta d’fhonn an caitheamh agus an creimeadh a tharlódh don bhunábhar trína láimhseáil go rómhinic sa seomra léitheoireachta a sheachaint.