Cúnamh i ndáil le Cuardach

Cúnamh i ndáil le Cuardach

Leathanach Cuardaigh: Fáilte chuig an leathanach óna ndéantar cuardach ar ráitis finnéithe ráitis ó fhinnéithe. Bhiúró na Staire Míleata 1913-1921. Tá 1,173 finné i gceist agus suas le 36,000 de ráitis ar féidir cuardach a dhéanamh ar a bhfud trí théacs de do rogha féin a chur isteach thíos.

Is é toradh a bhíonn ar chuardach go dtugtar chuig gach leathanach sna ráitis finnéithe ráitis ó fhinnéitheráitis ó fhinnéithe thú ina luaitear focal a chuardaigh tú, ach ní dhéantar aibhsiú ar an téacs ar aon leathanach acu. Tugtar chun aire nach dtagann Bailiúchán Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúró na Staire Míleata Cáipéisí Comhaimseartha Bhiúró na Staire Míleata, faoi scáth an chuardaithe mar gheall nach bhfuil digitiú déanta orthu sin go fóill (taobh amuigh de chás eisceachta amháin, leabhar de ghearrthóga nuachtáin faoi Sheachtain na Cásca 1916 gearrthóga as nuachtáin faoi Sheachtain na Cásca, 1916. Tá na bunchóipeanna ar fáil d’fhonn obair taighde orthu sa Chartlann Mhíleata ach coinne a shocrú.

Tá athchló déanta ar iomlán an 36,000 leathanach de na ráitis finnéithe ráitis ó fhinnéithe i mBiúró na Staire Míleata ionas gur féidir cuardach cruinn beacht a dhéanamh maidir le daoine, áiteanna, eachtraí, eagraíochtaí, cathanna agus dátaí. Meabhraítear duit nach ndearnadh, ar mhaithe le cruinneas agus oibiachtúlacht, aon leasú ar mhílitriú a tharlaíonn i mbunráiteas ar bith.

Roinnt leidí maidir le cuardach éifeachtach:

  • Bí mionchruinn. Déan iarracht bheith mionchruinn maidir leis an gcuardach agus dírigh ar fhocail mhórthábhactacha maidir le heachtra/ócáid/saolré duine a mbeifeá ag déanamh taighde air. Mar shampla, scríobhtar ‘Asgard’ seachas ‘gun’ nó ‘Crossbarry’ seachas ‘ambush’.
  • Malairt litrithe. Go háirithe nuair a bhíonn cuardach á dhéanamh maidir le daoine, baintear triail as leaganacha éagsúla den litriú. Mar shampla, d’fhéadfadh ‘Mac Eoin’, ‘McKeon’ agus ‘McKeown’ a bheith in úsáid ag tagairt don duine amháin i ráitis ó fhinnéithe éagsúla. Ba mhinic an leagan Gaeilge den ainm in úsáid ag daoine i rith na tréimhse seo, agus d’fhéadfadh litriú eile air seachas ar leagan Béarlaithe a bhí in úsáid roimh an tréimhse 1913-1921 nó ina dhiaidh, mar shampla, is é an duine amháin Charles Burgess agus Cathal Brugha.
  • Cuardach ‘Saoróige’. Más mian leat cuardach níos leithne a dhéanamh, nó má tharlaíonn amhras faoi chúrsaí litrithe, baintear úsáid as cuardach ‘saoróige’ *sampla* chun cuardach a dhéanamh maidir le gach focal ina bhfuil frása áirithe nó cnuasach litreacha faoi leith. Mar shampla, ar chuardach a dhéanamh maidir le *case*, aimseofar torthaí maidir le ‘case’, ‘cases’, ‘Casement’, ‘briefcase’ etc.
  • Ná dearmad na sraitheanna BSM CC agus BSM P. Is maith a tharlódh go mbeadh trácht ar eachtra, ar dhuine nó ar áit, nach luaitear sna ráitis ó fhinnéithe, i sraith na gcáipéisí comhaimseartha (BSM CC). Ní oibríonn an bosca cuardaigh ar an láithreán gréasáin seo ar an mbailiúchán BSM CC ó tharla nach bhfuil digitiú déanta go fóill ar an mbailiúchán sin (taobh amuigh de chás eisceachta amháin, leabhar de ghearrthóga nuachtáin faoi Sheachtain na Cásca, 1916). Tá teacht ar innéacs iomlán don bhailiúchán BSM CC i bhformáid PDF anseo (tugtar chun aire gur féidir cuardach faoi leith a dhéanamh taobh istigh de cháipéisí PDF). Tá na bunchóipeanna ar fáil maidir le hobair taighde sa Chartlann Mhíleata ach coinne a shocrú roimh ré. D’fhéadfadh freisin gur mhian leat cuardach a dhéanamh ar fud shraith grianghraf an Bhiúró (BSM G), a bhfuil teacht anseoar an ngailearaí grianghraf a ghabhann léi.