W.B. Yeats agus Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann

Is sa Fhrainc i mí Eanáir 1939 a bhásaigh William Butler Yeats, an file agus drámadóir as Éirinn a bhuaigh Duais Nobel. Fuair an file aitheanta bás sa Hôtel Idéal Séjour, Cap Martin agus é ag caitheamh an gheimhridh i nDeisceart na Fraince. Cé go raibh muintir na hÉireann ag iarraidh Sochraid Stáit agus tuama in Ard-Eaglais Phádraig cuireadh ina aghaidh sin mar nach ba é a bhí uaidh Yeats féin. Bhí sé ráite ag Yeats lena bhean chéile go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí sa Fhrainc é dá bhfaigheadh sé bás ann ach go dtabharfaí ar ais go Sligeach é ar dháta níos faide ar aghaidh. "If I die bury me up there and then in a year's time when the newspapers have forgotten me, dig me up and plant me in Sligo." (R.F. Foster 'W.B. Yeats: A Life', Volume II). Nuair a bhris an Dara Cogadh Domhanda amach i mí Mheán Fómhair 1939 ba léir nach mbeadh aon phleananna le déanamh an tráth sin chun Yeats a thabhairt ar ais go Sligeach.

Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann

L.E. Macha

Bunaíodh Seirbhís Chabhlaigh bhuan in Éirinn i 1946 nuair a ceannaíodh trí choirbhéad,  an L.É. Macha (an H.M.S Borage roimhe sin), an L.É. Maev (an H.M.S Oxlip roimhe sin) agus an L.É. Cliona (an H.M.S Bellworth roimhe sin) ó Aimiréalacht na Breataine. Bhí na coirbhéid seo breá ábalta aistir a dhéanamh ar an bhfarraige agus nuair a bhí na pleananna déanta chun corp Yeats a thabhairt abhaile cuireadh, ba í an L.É. Macha a cuireadh chun na Fraince.

Criú Scannánaíochta Cheannasaíocht an Oirthir

Chomh maith leis an gcriú féin a bheith ar an L.É. Macha bhí criú scannánaíochta ó Cheannasaíocht an Oirthir agus an grianghrafadóir, an Lt Jack Millar, ar bord chomh maith. Cliceáil ar an íomhá thíos chun píosa scannánaíochta ar an aistear stairiúil seo a fheiceáil.

Cuntas Scríofa ar an Aistear

Thaistil an Ceannasaí Thomas McKenna, oifigeach sinsearach Cabhlaigh in éineacht leis an L.É. Macha agus sheol sé sraith litreacha ar ais chuig an gCaptaen H.J. Jerome, Oifigeach i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh. Is féidir teacht ar chóip den chomhfhreagras ar fad, ina raibh cur síos ar na coinníollacha aimsire, ar an bhfáilte a cuireadh roimh an L.É. Macha i nGiobráltar agus i Nice agus ar an saol laethúil mar a bhí ar muir, trí chliceáil ar an íomhá thíos.