Ceisteanna a Chuirtear go Minic

Féach ar na Ceisteanna a Chuirtear go Minic thíos má tá aon cheisteanna agat a bhaineann le teacht a bheith agat ar an gCartlann Mhíleata nó ar na cineálacha taifead a d'fhéadfadh a bheith i dtaisce again:

Is í an Chartlann Mhíleata an áit oifigiúil a bhfuiltear ag cur taifid Óglaigh na hÉireann, na Roinne Cosanta agus Bhord na nArm-Phinsean i dtaisce ón mbliain 1990, faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Is éard atá i gceist leis sin, cé nach mór do Ranna eile an Stáit a gcuid taifead a chur i dtaisce sa Chartlann Náisiúnta le go mbeidh teacht ag an bpobal orthu nuair a bheidh na taifid sin níos sine ná 30 bliain d'aois, comhlíonann an Chartlann Mhíleata an fheidhm seo maidir le taifid na Roinne agus taifid Mhíleata araon.

Níl, níl aon táille i gceist le dul i mbun taighde sa Chartlann Mhíleata.

Is í an Chartlann Mhíleata an áit oifigiúil a gcuirtear taifid rialtais maidir le Cosaint agus maidir le hÓglaigh na hÉireann i dtaisce, faoi théarmaí an Achta um Chartlann Náisiúnta 1986. Mar sin tá na taifid a choimeádtar sa Chartlann Mhíleata faoi chosaint ag an dlí a bhaineann le Cóipcheart. Ní mór tagairt chuí a dhéanamh nuair a bhaintear úsáid as foinsí de chuid na Cartlainne Míleata chun foilseachán, blag, láithreán nó aon analóg nó meán leictreonach in aon chor a chruthú. Ní mór cead a lorg i scríbhinn roimh ré ón Oifigeach i gCeannas sa Chartlann Mhíleata má tá úsáid le baint as ábhar atá á choimeád ag an gCartlann Mhíleata i bhfoilseachán de chineál ar bith, íomhánna ón láithreán seo ach go háirithe, ó bhailiúcháin ar líne nó grianghrafadóireacht dhigiteach a glacadh i seomra léitheoireachta na Cartlainne Míleata nó ag taispeántas de chuid na Cartlainne Míleata.

Ta Seomra Léitheoireachta an Cheannfoirt Peter Young sa Chartlann Mhíleata suite ar urlár na talún i bhfoirgneamh na Cartlainne. Téigh isteach tríd an doras sleamhnáin atá ar bhinn an fhoirgnimh. 

Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré chun áit a chur in áireamh mar go bhfuil spásanna teoranta. Is féidir leat coinne a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chugainn ar militaryarchives@defenceforces.ienó trí ghlaoch a chur orainn ag an uimhir 00353 (0)1 8046457. Faoi láthair, bíonn an seomra léitheoireachta ar oscailt ó 10.00-12.30 agus 13.30-16.00, Dé Máirt go Déardaoin.

Tabhair ar aird le do thoil go m'fhéidir go mbeadh ort breis suíochán a chur in áirithe sa chás go mbeadh níos mó ná duine amháin le bheith i láthair ag do choinne, nó seachas sin d'fhéadfá úsáid a bhaint as an seomra níos lú atá ar chúl. Ní féidir le Baill Foirne taighdeoirí a thagann i láthair gan fógra ina leith a bheith faighte roimh ré a éascú, mar sin ba chóir do dhaoine a bheidh in éineacht leat coinne eile ar leith a dhéanamh más mian leo tabhairt faoina gcuid taighde féin le linn dóibh bheith ar cuairt.

Tá uirlisí aimsithe digiteacha nó páipéir ann le haghaidh go leor de na bailiúcháin, ach, i roinnt cásanna, beidh treoshuímh in éineacht leis an gcartlannaí ar dualgas de dhíth chun na taifid is ábhartha don chineál taighde atá i gceist a fháil amach.

Tá na hacmhainní digiteacha, (áiseanna aimsithe digiteacha nach bhfuil ar fáil ar ár láithreán gréasáin go fóill, tacair grianghraf, doiciméid scanta, etc.) mar aon le rochtain theoranta idirlín ar roinnt láithreán páipéar nuachta agus láithreán ginealais ar fáil sa seomra atá taobh thiar den phríomhsheomra léitheoireachta (iarr ar an gcartlannaí atá ar dualgas nó ar an stórasóir atá ar dualgas tú a logáil isteach).

Tá leabharlann taighde bheag sa seomra sin freisin, chomh maith le scáileán mór chun breathnú ar léirscáileanna agus ar phleananna móra.

Tá soicéid chumhachta ar fáil le haghaidh ríomhairí glúine, ach ní féidir úsáid a bhaint as ceamara gan cead a fháil roimh ré, agus sin ar an gcoinníoll nach nglactar grianghraif ach amháin lena n-úsáid le haghaidh staidéar pearsanta aonuaire agus go sínítear foirm maidir le comhaontú dlíthiúil i dtaca leis.
Is féidir na Rialacha a bhaineann leis an Seomra Léitheoireachta a léamh ag an mbord atá in aice le láthair na dtaisceadán, nó is féidir é a íoslódáil tríd an nasc seo,  Reading Room Rules [PDF].
Is féidir leat roinnt de na foirmeacha a bhaineann leis an seomra léitheoireachta a chomhlánú roimh do chuairt chun an riarachán a bhaineann le do choinne sa Chartlann Mhíleata a éascú.

Ba chóir do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu sin a chur in iúl don chartlannaí atá ar dualgas nuair atáthar ag déanamh coinne d'fhonn a chinntiú go gcuirtear an tseirbhís is fearr agus is féidir ar fail.

Tá níos mó ná 1,000 bailiúchán faoi choimeád ag an gCartlann Mhíleata, atá bronnta ag daoine aonair agus ag teaghlaigh orainn, a bhaineann le sean-Óglaigh na hÉireann, leis an sean IRA, le hÓglaigh na hÉireann agus leis an Roinn Cosanta. Ag brath ar chineál agus ar mhéid an ábhair atá agat, cuirimid fáilte mhór roimh bhronntanais a fhad agus atá siad ag teacht le Beartas Sealbhaithe na Cartlainne Míleata. Más rud é nach féidir linn glacadh le d'ábhar táimid sásta comhairle a chur ort i dtaca leis na hinstitiúidí eile is oiriúnaí chun glacadh leis an mbailiúchán. Go hiondúil déantar gach ábhar príobháideach a ghlactar mar bhronntanas a chur ar fáil i gcomhair taighde poiblí i ndiaidh próiseáil a dhéanamh air mar gheall ar an stádas agus misean atá againn mar chartlann seirbhíse poiblí.

Ní mór do bhronntóirí comhaontú taiscthe a shíniú trína n-aistreofar cúram an ábhair chuig an gCartlann Mhíleata. Ní ghlacaimid le hábhar ar iasacht sa chuid is mó de chásanna ná ní ghlacaimid le macasamhlú an bhunábhair.

Níl beartas ceannaigh ag an gCartlann Mhíleata.

Tá an Chartlann Mhíleata lonnaithe i nDún Chathail Bhrugha, ar chlé ón bpríomhgheata, achar beag ón mBóthar Míleata i Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6. Is beairic atá i mbun feidhme é Dún Chathail Bhrugha agus d'fhéadfadh an fairtheoir ag an ngeata iarraidh ort do shonraí aitheantais a chur ar fáil chomh maith le liosta na gcuairteoirí a dheimhniú. Tabhair ar aird go bhféadfaí seiceálacha slandála a chur i gcrích. Ta roinnt bealaí ann le teacht chomh fada leis an gcartlann:

Ar iompar poiblí: Téann Bus Átha Cliath uimh. 15 feadh Bhóthar Ráth Maonais ó lár na cathrach agus trasnaíonn sí an Bóthar Míleata. Is é an stad bus atá ag Church of Mary Immaculate Refuge of Sinners (cruinneachán mór uaine ar chlé), agus ag Coláiste Mhuire Ráth Maonais (scoil bhrící dearga a bhfuil ráille dubh os a comhair ar dheis) an ceann is gaire do Dhún Chathail Bhrugha.

Tá an stad LUAS ag Droichead Charlemont ar an líne ghlas tuairim is deich nóiméad de shiúl na gcos ón mbeairic. Imigh den LUAS ag an stad seo agus lean an chanáil chomh fada le Droichead Portobello agus cas ar chlé ar Bhóthar Ráth Maoinis. Téigh ar dheis ansin ar an mBóthar Míleata in aice le Scoil Mhuire agus lean ort go dtí go mbainfidh tú amach príomhgheataí na beairice.

Ag siúl/ ar rothar: Trí phríomhgheata na beairice gar don Bhóthar Míleata (gar do Choláiste Mhuire).

I gcarr: Cuirtear páirceáil ar fáil do thaighdeoirí laistigh den bheairic. Cuir sonraí clárúcháin d'fheithicle ar fáil roimh ré le do thoil. Tabhair ar aird nach bhfuil cead isteach sa Bheairic ag tacsaithe, ach tá cead acu tú a scaoileadh amach díreach taobh amuigh di.

Níl an leibhéal foirne againn le gur féidir taighde aonair a dhéanamh do bhaill den phobal mar gheall ar an líon fiosruithe a fhaighimid. Mar is ionann leis an gcuid is mó de sheirbhísí Cartlainne agus leabharlainne, cuirimid an t-ábhar ar fáil do bhaill den phobal sa seomra léitheoireachta ionas gur féidir leo a gcuid taighde féin a chur i gcrích. Más mian leat dul i mbun taighde mionsonraithe ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an gcartlannaí atá ar dualgas roimh ré ar 00 353 (0)1 804 6457 chun coinne a dhéanamh, nó ríomhphost a sheoladh chuig: militaryarchives@defenceforces.ie

Tá seirbhís Ghaeilge ar fáil más míon leat. Ná­ már duit teagmháil a dhéanamh leis an Chartlann Mhí­leata. An seoladh atá againn ná:


OIC,
An Chartlann Mhí­leata,
Dún Chathail Bhrugha,
Ráth Maonais.
Baile átha Cliath 6,
Éire

Ná email: 

militaryarchives@defenceforces.ie

Féach ar an leathanach Déan Teagmháil Linn le do thoil. Chun seirbhís éifeachtúil a chur ar fáil, iarrtar ar thaighdeoirí an méid seo a leanas a áireamh i ngach comhfhreagras poist agus ríomhphoist, nuair is féidir:

1. Seoladh, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist.

2. Má bhaineann do cheist le seirbhís a rinne duine muinteartha nó sinsear leat:

bíodh mionsonraí i dtaca leis an am agus leis an áit ar fhóin an duine atá i gceist, (agus cé acu an san Arm, nó sa tSeirbhís Cabhlaigh nó san Aerchór a bhí an duine sin) chomh maith leis an aonad, más ann don eolas, mar aon le dáta breithe, uimhir sheirbhíse agus seoladh baile ag an am.

3. Má bhaineann do cheist le foinsí de chuid na Cartlainne Míleata atá foilsithe cheana nó le foinsí ina luaitear an Chartlann Mhíleata:

bíodh tagairt chruinn an chomhaid (más eol), an dáta foilsithe, an t-údar agus an teideal i dtaca le d'fhiosrú.

Glacann go leor taighdeoirí leis gur áit í an Chartlann Mhíleata chun na taifid a bhaineann le gach saighdiúir as Éirinn a d'fhóin i bhfórsaí armtha eile a chur i dtaisce, ach ní mar sin atá. Is é fírinne an scéil nach gcoinnítear ach taifid ar dhaoine a d'fhóin in arm Shaorstát na hÉireann ó 1922 ar aghaidh, chomh maith le hábhar a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann agus le gluaiseacht na Saoirse, 1913-1921 sa Chartlann Mhíleata.

Is féidir eolas faoi thaifid Arm na Breataine, lena n-áirítear Reisimintí na hÉireann, a fháil i gCartlann Náisiúnta Shasana, i Kew, Londain. Is féidir leat eolas a fháil maidir le daoine muinteartha leat a bhí in Arm na Breataine a aimsiú ar a láithreán gréasáin http://www.nationalarchives.gov.uk agus is féidir leat úsáid a bhaint as eolas úsáideach a bhaineann le Reisimintí na hÉireann agus ar an mbealach is féidir teacht ar shonraí ar iarbhaill an Chéad Chogaidh Dhomhanda sa doiciméad seo a leanas:

Information Document on the Irish Regiments of the British Army [PDF 280KB]

Faoi láthair, ní chuirtear taifid phearsanra ar shaighdiúirí atá marbh ar fáil ach do neasghaolta agus sin amháin. D'fhéadfadh neasghaolta cead a thabhairt do thríú páirtí dul ar aghaidh le fiosrúchán thar a gceann in imthosca eisceachtúla.

I gcás taifead pearsanra, ní mór litir iarratais atá sínithe a sholáthar don Chartlann Mhíleata chomh maith le cóipeanna de theastas nó de theastais breithe de chuid an iarratasóra chun an gaol atá acu leis an duine atá faoi chaibidil a dheimhniú.

Mar shampla: bheadh ar mhac nó iníon cóip den leagan fada dá dteastas breithe a sheoladh chugainn (leagan scanta a sheoladh trí ríomhphost, nó fótachóip a sheoladh tríd an bpost), ach bheadh ar gharmhac nó ar ghariníon nóta ina dtugtar cead dóibh féachaint ar an gcód agus atá sínithe a fháil ón neasghaol.

Má tá an neasghaol sin básaithe áfach, níor mhór don gharmhac nó gariníon cóip dá dteastas breithe féin mar aon le cóip de theastas breithe a n-athar nó a máthar a sheoladh ar aghaidh chun an gaol atá acu leis an saighdiúir a léiriú thar dhá ghlúin.

D'fhéadfadh an Chartlann Mhíleata teastas báis agus/nó mionnscríbhinn faoi mhionn a iarraidh ina sonraítear an neasghaol leis an ábhar.

Más neasghaol díreach thú, is mar seo a leanas ba cheart duit iarratas a chur isteach chun taifid do shinsir a fheiceáil:
1. Má d'imigh an t-ábhar as Óglaigh na hÉireann níos lú ná tríocha bliain ó shin:
A. D'oifigigh (i.e. Leifteanaint, Captaein, Ceannfoirt etc.) scríobh chuig:
Oifig Bainistithe Pearsanra Liostáilte OIC
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann
Bóthar an Stáisiúin,
Droichead Nua,
Co. Chill Dara

B.  Do phearsanra liostáilte (i.e. Saighdiúirí Singil, Ceannairí, Sáirsintí etc. scríobh chuig:

Oifig Bainistithe Pearsanra Liostáilte OIC
Ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann
Bóthar an Stáisiúin,
Droichead Nua,
Co. Chill Dara.
2. Má d'imigh an t-ábhar as Óglaigh na hÉireann níos mó ná tríocha bliain ó shin: D'oifigigh (i.e. Leifteanaint, Captaein, Ceannfoirt etc.) agus do phearsanra liostáilte ( saighdiúirí singil, ceannairí, sáirsintí etc.) scríobh chuig an gCartlann Mhíleata, de réir an tseolta teagmhála. Áirigh sonraí mar an uimhir seirbhíse agus céim (más eol) dáta breithe agus seoladh (seoltaí baile) an phearsanra le linn seirbhíse).