Má bhaineann do cheist le seirbhís a rinne duine muinteartha nó sinsear leat: cuir sonraí i dtaca leis an am agus leis an áit ar fhóin an duine, (agus cé acu an san Arm, nó sa tSeirbhís Cabhlaigh nó san Aerchór a bhí an duine) chomh maith leis an aonad, más ann don eolas, mar aon le dáta breithe, uimhir sheirbhíse agus an seoladh baile ag an am ar fáil

Má bhaineann do cheist le foinsí de chuid na Cartlainne Míleata a foilsíodh cheana nó le foinsí ina luaitear an Chartlann Mhíleata: 

cuir tagairt chruinn an chomhaid (más eol), an dáta foilsithe, an t-údar agus an teideal ar fáil.

Is é an bealach is fearr le teagmháil a dhéanamh linn ná tríd an bhfoirm gréasáin seo. Nó ina ionad sin, is féidir leat ríomhphost nó litir (féach thíos) a sheoladh chugainn, nó glaoch a chur orainn ag an uimhir 00353 (0)1 8046457. Tabhair ar aird go mbíonn duine i bhfeighil an ghutháin i gcónaí le linn uaireanta oifige, ach nach bhfuil áis ar fáil trínar féidir teachtaireacht a fhágáil mar gheall ar an líon glaonna a fhaighimid.

Email

militaryarchives@defenceforces.ie

Before contacting the Military Archives, please review our FAQ section to see if your question has already been answered, or else that the information you require is available on this website.

We are currently responding to the majority of email queries within 72 hours.

Post

Address postal queries to:

Officer in Charge,
Military Archives,
Cathal Brugha Bks,
Rathmines,
Dublin 6.

 

 

Targeting cookies are required to view this map

Aimsigh Muid   

Is tríd an mbealach isteach ar an mBóthar Míleata atá in aice le Coláiste Mhuire gar do Bhóthar Ráth Maonais amháin is féidir dul isteach sa bheairic, ag siúl nó i gcarr. Feicfidh tú foirgneamh na cartlainne ar chlé nuair a rachaidh tú isteach trí phríomhgheata na Beairice.

Cuimhnigh gur beairic ghníomhach í seo, agus mar sin ná siúil thart sa chuid eile den bheairic mar go bhféadfadh an patról tú a cheistiú faoi. Ná glac aon ghrianghraif de na foirgnimh ná den phríomhchearnóg.

Déan Coinne 

Caith súil ar an rannóg FAQ d'fhonn a fháil amach an bhfuil freagra ar do cheist ann cheana féin, nó dá mba rud é go bhféadfadh an t-eolas atá uait a bheith ar an láithreán gréasáin sula ndéanann tú teagmháil leis an gCartlann Mhíleata..

Uaireanta oscailte an tSeomra Léitheoireachta:

Dé Máirt go dtí Déardaoin, 10.00-12.30 agus 13.30-16.00.

  • Nuair atá tú ag déanamh coinne, déan cinnte go gcuireann tú ar an eolas muid maidir leis an ábhar a bhfuil tú ag iarraidh taighde a dhéanamh air agus cibé má tá aon saintagairtí comhaid agat cheana féin.
  • Más dóigh leat nach mbeidh ach ceann amháin de na sliotáin atá ann ar lá ar bith uait, cuir é sin in iúl dúinn le do thoil toisc go bhféadfaí spás a chur ar fáil do thaighdeoir eile.
  • Bíonn na spásanna ar fad curtha in áireamh seachtain roimh ré uaireanta, dá bharr sin ba chóir duit an méid fógra agus is féidir leat a thabhairt dúinn nuair atá tú ag iarraidh coinne a dhéanamh.
  • Tá spásanna páirceála os comhair an fhoirgnimh, agus má tá sé i gceist agat tiomáint chuig an gcartlann, ní mór duit uimhir chlárúcháin do chairr a chur ar fáil dúinn roimh ré mar gheall go mbeidh an t-eolas sin ag teastáil ó fhairtheoir an gheata.

Ullmhaigh do do chuairt

Caith súil ar an rannóg FAQ d'fhonn a fháil amach an bhfuil freagra ar do cheist ann cheana féin, nó dá mba rud é go bhféadfadh an t-eolas atá uait a bheith ar an láithreán gréasáin sula ndéanann tú teagmháil leis an gCartlann Mhíleata.

Nuair a bheidh teagmháil déanta agat linn, trí ríomhphost nó trí bhealach eile, beimid ábalta comhairle a chur ort maidir le cibé is féidir nó nach féidir linn do cheist a láimhseáil trí chomhfhreagras, nó más gá cuairt a thabhairt orainn..

Is féidir linn comhairle a chur ort an t-am sin faoin gcéad chéim eile:

  • Is féidir linn tú a threorú chuig cúntóir aimsithe bailiúcháin ar líne, áit a n-aimseoidh tú  na huimhreacha tagartha atá ábhartha do do cheist. Má chuireann tú na huimhreacha tagartha sin ar aghaidh chugainn roimh ré, beidh siad faighte againn duit. 
  • D'fhéadfadh sé nach mbeadh fáil ar na huirlisí aimsithe atá uait ach sa seomra léitheoireachta amháin, ach beidh siad réidh againn duit le gur féidir leat breathnú orthu agus cuirfimid comhairle ort maidir le haon fhoinsí eile a d'fhéadfadh a bheith ann más gá.
  • D'fhéadfadh sé nach mbeadh uirlis aimsithe iomlán ar fáil fós mar chuid de roinnt bailiúchán fós. Más é sin an cás déanfaimid na comhaid ábhartha a chuardach duit ar an lá a mbeidh tú le bheidh sa Chartlann.
  • Más ceist níos ginearálta atá agat, nó má theastaíonn cuidiú uait le tús a chur le do thaighde, táimid sásta an cineál ábhair atá againn a thaispeáint duit agus comhairle a chur ort maidir leis na bailiúcháin/comhaid a d'fhéadfadh a bheith úsáideach do do chuid taighde.