Accessibility

Cúrsaí áisiúlachta

Tá Óglaigh na hÉireann dúthrachtach maidir le heolas agus seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach atá áisiúil don uile dhuine.  Rinneadh an láithreán gréasáin a leagan amach de réir na dTreoirlínte W3C WAI i ndáil le háisiúlacht an ábhair ar láithreáin gréasáin agus tá an chuid is mó de na pointí seiceála mórthábhachtacha 1 agus 2 á sásámh.  Tugtar liosta thíos de na ceisteanna atá gan réiteach go fóill.

Tá an suíomh leagtha amach de réir na dtreoirlínte mórthábhachta 1 agus 2 i measc Threoirlínte W3C i ndáil le háisiúlacht an ábhair ar láithreáin gréasáin agus Treoirlínte an Ášdaráis Náisiúnta Míchumais maidir le háisiúlacht láithreán gréasáin.  Mar shampla, baintear leas as stílbhileoga cascáideacha ó thaobh dhreach an láithreáin. Cinntítear ar an gcaoi sin go dtugtar an t-ábhar de réir línte agus is fearr a oibríonn sé dá bharr ar réimse leathan brabhsálaithe agus deiseanna eile.

Leagadh amach na leathanaigh go ndeimhneofaí iad de réir DTD HTML 4.01 Sealadach. Tá roinnt earráidí bailíochtaithe gan réiteach go fóill ach táthar ag obair air sin.

 

Leibhéil Áisiúlachta a Chaomhnú

Tá rún ag Óglaigh na hÉireann an leibhéal áisiúlachta a ghabhann leis an láithreán gréasáin seo a choinneáil ar bun agus monatóireacht a dhéanamh ina leith.  Cuir in iúl dúinn le do thoil má bhíonn aon fhadhb agat leis.  Is féidir teachtaireacht a chur chuig an stiúrthóir gréasáin ag militaryarchives@defenceforces.ie

 

An cnaipe TAB a úsáid chun léim ó nasc go nasc 

Rinneadh an láithreán a chur le chéile ionas gur féidir úsáid a bhaint as an gcnaipe TAB ar an méarchlár chun léim ó nasc go nasc.  Tá cúrsaí nascleanúna agus roghchláir curtha de réir loighice ionas gur féidir sin a dhéanamh.

 

An measann tú an cló róbheag?

 

  • Chun an cló a mhéadú in Firefox roghnaítear View > Zoom > Zoom In nó brúitear Ctrl++
  • Chun an cló a mhéadú in Windows Explorer 5+, roghnaítear View > Text Size > Larger/Largest

 

Láithreáin úsáideacha

Más mian leat breis eolais a léamh faoi chúrsaí Áisiúlachta ar an Idirlíon, seo roinnt láithreáin ghréasáin a bhaineann le hábhar:

Treoirlínte maidir le hÁisiúlacht Ábhar Idirlín http://www.w3.org

Treoirlínte an Ášdaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hÁisiúlacht Ábhar TE in Éirinn http://www.accessit.nda.ie