EAGRAÍOCHTA͍ AGUS BALLRAÍOCHT

Baineann an chuid seo le ballraíocht in eagraíochtaí ar leith a bhí clúdaithe ag an reachtaíocht chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a chur ar fáil faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934. Chuir an tAcht deireadh le cuid de na bacainní a bhain leis an reachtaíocht roimhe sin agus thug sé scóip d’iarbhaill nach raibh cáilithe roimhe sin chun iarratas a dhéanamh ar theastas seirbhíse míleata. Faoin Acht, d’fhéadfaí Réiteoir a cheapadh agus Coiste Comhairleach le ceathrar ball chun cuidiú leis. Fúthu sin, bhailigh Coistí Briogáide áitiúla taifid chun fhíorú iarratais aonair

  1. Sraith Ballraíocht IRA: Ag déileáil le ballraíocht in Óglaigh na hÉireann/IRA ag an dá dháta chriticiúla (11 Iúil 1921 agus 1 Iúil 1922). íirithe sa tsraith tá ballraíocht na 16 rannán den IRA.
  2. IRA Briogáid sraith Gníomhaíocht: Sna tuairiscí tá sonraí a chuir gach Coiste Briogáide ar fáil d’oibríochtaí ar leith.
  3. Sraith ballraíocht Cumann na mBan: Taifid ina bhfuil sonraí (céim, ainmneacha agus seoltaí) de bhallraíocht Chumann na mBan ag leibhéal Dúiche, Brainse agus Scuaid mar aon lena líon ar an dá dháta chriticiúla.
  4. Arm Cathartha na hÉireann: baineann cuid de na comhaid le ballraíocht an ICA agus le hiarratasóirí aonair.
  5. Sraith ballraíocht Fianna Éireann: Baineann sraith le comhaltas Fhianna Éireann.