An Bailiúchán Seo

Tá an Bailiúchán Mapaí, Pleananna agus Léaráidí (Bailiúchán MPL) de Bheairicí Míleata in Éirinn ar an acmhainn is nua ar líne ag an gCartlann Mhíleata don lucht taighde.  Tiomsaíodh an bailiúchán as cnuasach de mhapaí, pleananna agus léaráidí ailtireachta de chuid an 19ú agus an 20ú céad maidir le hionaid mhíleata ar fud oileán na hÉireann agus tá deis faoi leith ann oidhreacht ailtireacht mhíleata na hÉireann a scrúdú.   

Tháinig an bailiúchán MPL ó réimse foinsí éagsúla, faoi rialú na Breataine (an Ríocht Aontaithe) agus rialú na hÉireann (an Saorstát agus an Phoblacht) araon. Is iad lucht na Breataine a thóg mórchuid mhór na n-ionad míleata atá fós ar fáil in Éirinn, beairicí, poist, campaí, dúin agus caisleáin san áireamh, agus sin i rith an naoú aois déag.  Dá réir sin, ba don War Office (comhionann na Roinne Cosanta ag an am) a rinne an Royal Engineer Corps in Arm na Breataine an chuid is mó de na taifid MPL an chéad lá riamh.  Is as na hoifigí líníochta i Southampton den chuid is mó a tháinig na léaráidí, cé gur mhinic an obair sin á déanamh i gcomhar le hoifigí na Suirbhéireachta Ordanáis i mBeairic Mhuinseo i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile ítha Cliath, mar a bhfuil Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sa lá atá inniu ann.  Ba faoi choimirce fhorais éagsúla de chuid na Corónach, leithéid Bhord na nOibreacha Poiblí agus Bhord na mBeairicí tráth ab fhaide anall, a rinneadh na beairicí a thógáil.