Irish Army Census Records

 

 

MODHANNA OIBRE AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA

Tarlaíonn cothrom 90 bliain ó rinneadh Daonáireamh an Airm ar an 12/13 Samhain 2012.  Is foinse tairbheach eolais tuairisceáin an daonáirimh faoi aon duine a bhí ag fónamh san Arm Náisiúnta i mí na Samhna 1922 agus is mór an leas atá astu dá bharr sin ag taighdeoirí atá i mbun oibre ar cheisteanna ginealais.

I mí Eanáir 2012, thosaigh an Chartlann Mhíleata ar an obair chun taifid Dhaonáireamh an Airm a chur ar fáil do dhream níos forleithne.  Mar gheall ar chineál pearsanta na sonraí a luaitear ar Thuairisceáin Daonáirimh, ainm, seoladh agus ainm neasghaoil san áireamh, ba é an chéad bheart a bhí le déanamh a shocrú an bhféadfaí faoin dlí an t-eolas sin a fhoilsiú go poiblí. Deimhníodh, tar éis dul i gcomhairle le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí go bhféadfaí na taifid a fhoilsiú ar choinníollacha áirithe, mar shampla, aon duine ar mian leis sonraí faoi dhaoine muinteartha leis a chur as an áireamh, is féidir leis sin a dhéanamh ach a chur in iúl dúinn gurb é is mian leis.

Roinneadh obair an togra ina thrí chuid.

Céim 1    Digitiú ar Thuairisceáin an Daonáirimh

Ba é a bhain leis an gcéad chéim den obair íomhá digiteach a thógáil de gach leathanach i ngach imleabhar de na Tuairisceáin Daonáirimh.  Tar éis anailís a dhéanamh ar na modhanna éagsúla digitithe a bheadh ar fáil, socraíodh gurb í an ghrianghrafadóireacht ab áisiúla i gcás an togra seo.  Ba mhór i gceist maidir leis sin a shocrú chomh mór agus atá na leathanaigh (níos fairsinge ná A3) agus an ceangal dlúth leathair agus cárta atá ar gach imleabhar, a bhfuil caoi bhreá i gcónaí orthu.

Tá na Tuairisceáin ceangailte i ndeich gcinn d'imleabhair atá rangaithe de réir na bpost in ord aibítir agus ba é an chéad rud a bhí le déanamh lipéad follasach a chur le tús agus deireadh na dtuairisceán i ndáil le gach post faoi leith.  Rinneadh grianghraf a thógáil de gach leathanach ansin agus na híomhánna a choimeád i bhfoirmeacha Raw, TIFF agus PDF formats.  Is iad na híomhánna Raw na Máistirchóipeanna Caomhnúcháin, is féidir na híomhánna TIFF a úsáid sa seomra léitheoireachta nó ionramháil a dhéanamh orthu do thograí eile san am atá romhainn agus tá na híomhánna PDF curtha i ndiaidh a chéile de réir na bpost le húsáid ar an láithreán gréasáin seo.

Céim 2            Mapáil na bPost

Ba é a bhain leis an dara céim den togra socrú ar an modh ab fhearr chun an t-eolas atá i dTuairisceáin an Daonáirimh a chur ar fáil don phobal. Ar cheann de na príomhaidhmeanna atá againn, mar a phléitear i ndáil le Céim 3 thíos, tá feidhm bhunúsach chuardaigh a chur ar fáil ionas gur féidir le taighdeoir ainm saighdiúra a chur isteach agus aon tagairtí a dhéantar don ainm sin a aimsiú. 

Tá tairbhe seachas an t-eolas ginealais a bheadh le fáil iontu le baint as na Tuairisceáin Daonáirimh. Tá fiúntas leo maidir lena dhéanamh amach cá raibh aonaid lonnaithe, nó líon na saighdiúirí i bpoist faoi leith, nó fiú amháin cé mhéad de lucht an phoist arbh de mhuintir na háite iad agus cé mhéad acu ar thar tír isteach a tháinig siad.  Ba é an modh ab fhearr chun an t-eolas a chur ar taispeáin na poist a mhapáil ar Mhapa na hÉireann leis an tSuirbhéireacht Ordanáis agus pdf maidir le gach post a cheangal lena ionad ar an mapa.  Cé go ndearnadh gach dícheall ionad díreach gach poist a shonrú ón eolas a thugtar sa tuairisceán, ní féidir gealltanas a thabhairt go bhfuil gach pointe cruinn beacht ar an mapa.  Mar shampla, bhí urphoist bheaga lonnaithe i dtithe príobháideacha agus é an-deacair anois iad sin a shonrú, mar atá an Dara agus an Tríú Rannán de chuid an Tuaiscirt a bhí lonnaithe i gceantar Champa an Churraigh lenar bhain líon níos mó ná 400 saighdiúir.  Tá 296 post ag baint le bailiúchán an daonáirimh agus, mar gheall ar shrianta a bhaineann le comhéadan Google Maps, bhí orainn dhá mhapa faoi leith a chruthú a mbeadh timpeall is 150 post ar gach aon cheann acu. Tá A - G agus H - Y faoi seach tugtha de theideal ar an dá mhapa sin. Tá innéacs na bpost a liostaítear ar gach mapa ar fáil ag an lucht úsáide ach cliceáil ar an hipearnasc ag bun an mhapa.  Cé nár cheart go mbeadh gá le cuntas Google ag lucht úsáide an bhailiúcháin seo chun na cáipéisí a léamh, molann an Chartlann Mhíleata cuntas den sórt sin a bheith acu.  Is féidir cuntas Google a fháil anseo       

Céim 3       Innéacs na dTuairisceán Daonáirimh

Tá an obair ar siúl maidir leis an tríú céim, an chéim deiridh, den togra seo faoi láthair.  Tá na hiontrálacha éagsúla ar na tuairisceáin daonáirimh á n-athchló ina gceann agus ina gceann ionas go gcruthaítear bunachar sonraí inchuardaithe maidir le gach saighdiúir a bhfuil taifead ina leith. Is í seo an chuid den togra is mó a bhfuil saothar i gceist léi agus meastar go mbeidh an obair á tabhairt chun críche agus a toradh ar fáil ar an láithreán gréasáin i rith na míonna seo chugainn. Seiceáiltear an chuid den láithreán gréasáin maidir le nuacht agus imeachtaí maidir le scéala níos nua in am tráth.