Rannóg an Mhisin MhÁleata/Pleananna Sealadacha

The six officers sent on Military Mission 1926-1927
The six officers sent on Military Mission 1926-1927
Cód Tagartha: IE/MA/MM/
Teideal: Rannóg an Mhisin Mhíleata/Pleananna Sealadacha
Dátaí: 1924-1928
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán: 11 bosca ina bhfuil tuairiscí, meamraim, comhfhreagras, imleabhair cheangailte agus cóipeanna de mhapaí. 
Cruthaitheoir(í): Óglaigh na hÉireann, Lucht Airm na Stát Aontaithe
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Tar éis "Cheannairc" an Airm (1924), chuir an Leifteanant-Ghinearál Peadar McMahon Bord Eagraithe an Airm ar bun i mí Bealtaine 1925 d'fhonn scrúdú a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar an leasú ba ghá ar eagrú Óglaigh na hÉireann d'fhonn cur ar a gcumas feidhmeanna Airm de chuid na linne a dhéanamh i ndáil le cosaint na tíre.

Ar cheann de na gnéithe ba thábhachtaí den obair ina leith sin bhí an Misean Míleata go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá ón 31 Iúil 1926 go dtí an 2 Deireadh Fómhair 1927.  Ba iad na comhaltaí ba thábhachtaí ar an Misean sin an Maor-Ghinearál Hugh MacNeill, an Coirnéal Michael Costello, an Maor Joseph Dunne, an Captaen Patrick Berry, an Leifteanant Seán Collins-Powell agus an Dara Leifteanant Charles Trodden.

Ba iad an dá phríomhaidhm a bhí leis an Misean, scrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú an National Defence Act agus ar chóras an airm sna Stáit Aontaithe, agus béim faoi leith ar an oideachas i gcúrsaí míleata.  Bhí cuairteanna breathnaithe agus scrúdaithe i gceist chomh maith le deiseanna foghlama ag na hOifigigh i dtrí cinn de na Scoileanna ba mhó ag Arm Mheiriceá: Fort Leavenworth, Kansas (Scoil na Seirbhísí Ginearálta), Fort Benning, Georgia (Scoil na gCoisithe), and Fort Sill, Oklahoma (Scoil Airtléire Machaire). 

Cuireadh Rannóg na bPleananna Sealadacha ar bun ar theacht ar ais ón Misean go dtí na Stáit Aontaithe. Ba é cuspóir a bhí léi lón teagaisc straitéise agus oirbheartaíochta a chur i dtoll a chéile, rud a riabh bunriachtanas leis nuair nach raibh Coláiste Airm ar fáil. Is i dtuilleamaí na Rannóige seo a bhí Óglaigh na hÉireann maidir leis an bhforbairt a tháinig orthu i rith an dara leath de na 1920idí. 
Scóip agus íbhar:

 

Tá roinnt bheag ábhair sa bhailiúchán a bhaineann leis an eagar agus an struchtúr a bhí á bheartú ar an gCeanncheathrú Ginearálta agus ar an Arm Náisiúnta ón mbliain 1924 amach.  Baineann fuílleach an bhailiúcháin leis an Misean Míleata féin agus le Rannóg na bPleananna Sealadacha a bhunú tráth ab fhaide anall.

Tá an bailiúchán roinnte ina dhá chuid:

1.     Na comhaid riaracháin agus tuarascálacha éagsúla ón mBord Eagraithe agus ó Rannóg na bPleananna Sealadacha, tuarascálacha éagsúla ar an dul chun cinn agus tuarascáil chríochnaitheach faoin Misean Míleata, lena n-áirítear nótaí le linn léachtaí, cáipéisí beartais agus meamraim.

Sraith d'imleabhair cheangailte ina bhfuil nótaí, samplaí de cháipéisí straitéise agus mapaí ó na Scoileanna éagsúla de chuid Arm Mheiriceá  ar thug Oifigigh an Mhisin Mhíleata cuairt orthu. 

 

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta