As Óstán an Gresham i mBaile ítha Cliath a d'fheidhmigh Oifig an Phríomhoifigigh Caidrimh a cuireadh ar bun tar éis Sos Cogaidh a aontú idir Rialtas na Breataine agus Arm na Poblachta a tháinig i bhfeidhm an 11 Iúil 1921. Thar ceann Rialtas na Breataine, d'aontaigh an Ginearál Sir Nevil Macready, Ardcheannasaí, an Cornal J. Brind agus A.W. Cope, Fo-Rúnaí Cúnta, ag feidhmiú thar ceann Arm na Breataine, mar seo a leanas
1. ¹No incoming troops, Royal Irish Constabulary (RIC), auxiliary police and munitions. No movements for military purposes of troops and munitions, except maintenance drafts.
2. No provocative display of forces, armed or unarmed.
3. It is understood that all provisions of this Truce apply to the martial law area equally with the rest of Ireland.
4. No pursuit of Irish officers or men or war material or military stores.
5. No secret agents, noting description or movements, and no interference with the movements of Irish persons, military or civil, and no attempts to discover the haunts or habits of Irish officers and men.
6. No pursuit or observance of lines of communication or connection.
D'aontaigh an Ceannfort R.C. Barton T.D. agus an Ceannfort E.J. Duggan T.D., ag feidhmiú thar ceann Arm na Poblachta, mar seo a leanas
1. Attacks on Crown forces and civilians to cease.
2. No provocative displays of forces, armed or unarmed.
3. No interference with Government or private property.
4. To discountenance and prevent any action likely to cause disturbance of the peace which might necessitate military interference.
Ar na Príomhoifigigh Caidrimh (POC), bhí an Ceannfort Eamon Duggan, an Ceannfort F. Murphy agus an Ceannfort J.E. Dalton. I mí na Nollag 1921, rinne Oifig an Phríomhoifigigh caidreamh le 30 Oifigeach Caidrimh (OC) a bhí ceaptha ar an bhfoireann ar fud na tíre (tá tuairisc ar ionaid i 30 contae) agus le húdaráis na Breataine maidir le tuairisc a thabhairt agus fiosrú a dhéanamh i ndáil le bearta a measadh a bheith ina sárú ar an Sos Cogaidh. Bhí freagrachtaí breise ar Oifig an Phríomhoifigigh Caidrimh tar éis shíniú an Chonartha i Sasana, i mí na Nollag 1921, stiúradh ar obair phóilíneachta san áireamh nuair ba mhinic a thagadh tuairiscí ar robáil armtha agus goid mótarfheithiclí chuig an POC. I mí Eanáir 1922, cuireadh atheagar ar an bhfoireann agus earcaíodh oifigigh nua (cuid mhór ón bhfoireann Caidrimh) d'fhonn tabhairt faoin gcúram maidir le hionaid a bhí á bhfágáil ag Arm na Breataine (poist mhíleata agus beairicí), síniú a dhéanamh lena n-aghaidh agus iad a athghabháil, trealamh agus ábhar na mbeairicí a sheiceáil agus fardal a dhréachtadh (rangú de réir nua, leathchaite nó gan fónamh) agus oibriú leis an mBord Diúscartha, a cuireadh ar bun chun diúscairt a dhéanamh ar ábhar de chuid Arm na Breataine agus arbh iad fórsaí na Breataine a d'oibrigh ann. Leanann an comhfhreagras idir an POC agus Oifigigh Caidrimh ceaptha go dtí Lúnasa 1922, le hábhar dar dáta Eanáir 1922 ar fáil, an chuid is mó de sin maidir le beairicí agus maoin sealúis a thabhairt ar láimh, sárú ar théarmaí an tSosa Cogaidh agus gearáin faoi oibriú an bhoird Diúscartha agus socruithe ceantála.
Leagadh, sa chomhthéacs seo, cúram coimeádta na dtaifead a tháinig roimh bhunú an Airm Náisiúnta sa bhliain 1922, ar Oifig na Stiúrthóireachta Faisnéise, ina measc bailiúcháin de leithéid Bhailiúchán an Choileánaigh agus páipéir Chill Mhaighneann (aistríodh go dtí an Leabharlann Náisiúnta i rith na 1940idí) agus rinne an Brainse Staire (ar a dtugtaí an Chartlann Mhíleata ó 1935 ar aghaidh) an cúram ina leith sin. Chomh maith leis sin, cnuasaíodh gearrthóga as nuachtáin, foilseacháin agus ailt faoi stair na hÉireann go ginearálta sa Bhrainse Staire, cuireadh catalóga le chéile, tugadh cúnamh don lucht taighde agus cuireadh comhairle ar lucht foirne; ní raibh an Brainse Staire oscailte don phobal i gcoiteann. Ba mhinic tráthchláir (ar mhaithe le cúrsaí taighde) á gcur i dtoll a chéile sa Bhrainse Staire, Tráthchlár imeachtaí
|