Bailiúchán maidir le Imtheorannacht aimsir an Chogaidh Chathartha

Cód Tagartha: IE/MA/CW/P
Teideal: Bailiúchán maidir le Imtheorannacht aimsir an Chogaidh Chathartha
Dátaí: 1922-1925
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán 16 bosca, 32 leabhar ollmhór
páipéar agus imleabhair cheangailte
Cruthaitheoir(í): An tArm Náisiúnta
Stair Riaracháin / Beathaisnéise:

Tar éis thús an chogaidh chathartha i mí Meitheamh 1922 d'éiligh an Rialtas Sealadach go ndéanfaí imtheorannú ar phríosúnaigh i bpríosúin agus i gcampaí géibhinn ar fud na tíre.  Cuireadh  Roinn na bPríosúnach ar bun in Oifig an Ardaidiúnaigh agus chuaigh foireann mhíleata i mbun príosúin áirithe agus campaí géibhinn seanbhunaithe a rith.  Ar na príosúin agus na campaí sin, bhí:  Baile ítha Luain, Sceach an Bhacaigh i mBaile ítha Cliath, Campa Pháirc an Ghiorria agus an Bhaile Stáin ar an gCurrach, Ceatharlach agus íth í, Cora Droma Rúisc, Corcaigh, Dún Dealgan, Gaillimh,  Baile Mhic Gormáin, Cill Mhaighneann, Cill Chainnigh, Luimneach,  

Maryborough i bPort Laoise, Príosún Mhuinseo, an Muileann gCearr, an Nás, an Uaimh, an Droichead Nua, Aontas Bhaile ítha Cliath Thuaidh, Portobello ar a dtugtar Dún Chathail Bhrugha anois, Sligeach, Tiobraid írann, Durlas, an Teampall Mór, Baile ítha Troim, Trá Lí, Wellington, Port Láirge agus Cathair na Mart.  Níl taifid riaracháin faoi leith maidir le cuid mhór de na príosúin agus de na campaí géibhinn sin ar coimeád sa Chartlann Mhíleata, ach tá roinnt ábhair ar fáil go fóill maidir le Príosún Mhuinseo, Cill Mhaighneann, Aontas Bhaile ítha Cliath Thuaidh, Campa Bhaile Mhic Gormáin, Campa Géibhinn an Bhaile Stáin, Campa Pháirc an Ghiorria, an Droichead Nua, Maryborough, Dún Dealgan agus Corcaigh. 
Scóip agus íbhar: Tá ábhar sa bhailiúchán seo maidir le príosúnaigh a bhí imtheorannaithe ag an Arm Náisiúnta le linn an Chogaidh Chathartha.  Is é atá sa chuid is mó den bhailiúchán ábhar riaracháin arna eisiúint as Oifig an Stiúrthóra Faisnéise agus Roinn na bPríosúnach.
Tá roinnt cáipéisíochta sa bhailiúchán freisin maidir le cúrsaí riaracháin agus cúrsaí airgeadais i ndáil le roinnt de na príosúin agus de na campaí géibhinn a bhí in úsáid. 

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead Léite: Ar fáil ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Civil War Internment Catalogue (1MB)
Nóta: Leagan ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta