Bord Eagraithe an Airm

Cód Tagartha: IE/MA/AOB
Teideal: Bord Eagraithe an Airm
Dátaí: 1925-1926
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán: Aon bhosca amháin le comhaid ina bhfuil tuairiscí, aguisíní, miontuairiscí cruinnithe agus comhfhreagras.
Cruthaitheoir(í): The Irish Defence Forces
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Tar éis díshlógadh forleitheadach nuair a bhí an Cogadh Cathartha thart, agus réiteach ar Cheannairc an Airm, tugadh le díograis faoi atheagar a chur ar an Arm Náisiúnta agus bhí Bord Eagraithe an Airm ar cheann de na príomhbhrainsí a cuireadh ar bun lena aghaidh sin. An Leifteanant-Ghinearál Peadar McMahon a chuir ar bun é  i mí Bealtaine 1925 d'fhonn scrúdú a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar an leasú ba ghá ar eagrú Óglaigh na hÉireann d'fhonn cur ar a gcumas feidhmeanna Airm de chuid na linne a dhéanamh i ndáil le cosaint na tíre.

Chnuasaigh an Bord lón fianaise ó gach ceannasaí ar chór nó seirbhís speisialta, ó chuid mhór oifigeach foirne sinsearach agus ó oifigigh teicniúla faoi leith agus scrúdaíodh an t-eagar a bhí ar Airm i gcuid mhór tíortha san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Tar éis na hoibre sin, leagadh amach go mion an fheidhm, an struchtúr agus na bunaíochtaí a bhainfeadh leis an Arm Náisiúnta, agus béim á leagan ar an ngá a bhí le Polasaí Cosanta faoi leith a bheartódh Rialtas na hÉireann ag an am.
Scóip agus íbhar: Tá roinnt dréachta críochnaitheacha de thuairiscí agus d'aguisíní a ghabh leo sa bhailiúchán maidir le gnéithe éagsúla den leagan amach a bhí á bheartú don Arm Náisiúnta ag an am, bunaíocht le linn tréimhsí síochána agus tréimhsí cogaíochta san áireamh, chomh maith le baill foirne sibhialtacha a bheadh fostaithe sna beairicí éagsúla.  Tá cóipeanna ann freisin de mhiontuairiscí chruinnithe an Bhoird, chomh maith le beagán comhfhreagrais idir comhaltaí an Bhoird, mar shampla an Rúnaí, an Maor J.V Joyce, agus an tArd-Cheannasaí, an Príomh-Oifigeach Foirne nó Oifigeach Foirne an Bhiúró Traenála. 

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta