Pleananna Cosanta le linn thréimhse na hÉigeandála

Cód Tagartha: IE/MA/EDP
Teideal: Pleananna Cosanta le linn Éigeandála
Dátaí: 1939-1946
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán: 17 bosca
Cruthaitheoir(í): Óglaigh na hÉireann An Roinn Cosanta
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Maidir leis na Pleananna Cosanta le linn Thréimhse na hÉigeandála, chuir Óglaigh na hÉireann, i gcomhar le Roinn an Taoisigh agus leis an Roinn Cosanta  pleananna agus polasaí cosanta i dtoll a chéile le linn thréimhse na hÉigeandála 1939-1946, i ngeall ar thús an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1939 agus cora an chogaidh sin go dtí an bhliain 1946.
Scóip agus ábhar: Tá miontuairiscí sa bhailiúchán maidir leis na comhdhálacha Cosanta a eagraíodh i Roinn an Taoisigh, sa Cheanncheathrú Ginearálta agus sa Roinn Cosanta chomh maith le comhdhálacha Ceannasaíochta; Treoracha Oibríochta a d'eisigh an Ceanncheathrú Ginearálta le Ceannas an Iarthair, Ceannas an Deiscirt, Ceannas an Oirthir agus an Ceannas Aerchosanta; Cláir agus treoracha traenála a heisíodh le ceannais, rannáin, briogáidí agus seirbhísí faoi leith (Seirbhís Liachta an Airm san áireamh), comhaid san áireamh a bhaineann le cúrsaí i sa Choláiste Míleata, cúrsaí d'Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe, agus cúrsaí d'ábhar Oifigigh; nótaí agus meamraim maidir le Faisnéis Aeir agus Mara; comhaid a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin, traenála, earcaíochta agus riaracháin i ndáil leis an gCór Tógála; Comhfhreagras ginearálta agus tuarascálacha, Réamhchúram maidir le Ruathair Aeir agus eachtraí Buamála; comhad maidir le Tatú Míleata agus taispeántas ag Cumann Ríoga Bhaile ítha Cliath, idir Aibreán agus Meán Fómhair 1945; comhaid maidir le hobair na Seirbhíse Faisnéise;  files relating to work of the Intelligence service; Local Defence Force including strength returns, miontuairiscí chomhdhálacha a d'eagraigh Oifigigh ceantair agus comhfhreagras agus comhaid ghinearálta maidir le seirbhís Poist an Airm a eagrú agus foireann lena haghaidh. 

Access Conditions

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta