Comhaid 'A/' na Roinne Cosanta ó 1922 ar aghaidh

IE/MA/DOD/A/07446 File Cover
IE/MA/DOD/A/07446 File Cover


Cód Tagartha: IE/MA/DOD/A/
Teideal: Comhaid A na Roinne Cosanta
DátaÁ: 1922-1935
Leibhéal an Chur SÁos: Fonds
Méid agus Meán: Níos mó ná 100 bosca le tuairim is 4400 comhad ina bhfuil tuairiscí ar phár, litreacha agus meamraim, gearrthóga as nuachtáin, fótastait agus athchóipeanna de ghrianghraif.
Cruthaitheoir(Á): An Roinn Cosanta
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Ó tharla an chéad Dáil sa bhliain 1919 cuireadh an Aireacht Chosanta ar bun agus Cathal Brugha ina Aire go dtí aontú an Chonartha i mí na Nollag 1921.  Cuireadh feidhmeannas nua ar bun ar an 9 Eanáir 1922 sa Dáil tar éis síniú an Chonartha le hArt Ó Gríofa ina Uachtarán agus Risteard Ó Maolchatha ina Aire Cosanta.  Tháinig an StátseirbhÁs a bhí cheana féin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath faoi scáth an Rialtais Shealadaigh (nárbh ionann agus feidhmeannas na Dála ag an am).  Baineadh d'údarás fheidhmeannas na Dála de réir a chéile nuair a bhÁ teachtaí a bhí in aghaidh an chonartha ag staonadh, go dtí go ndearnadh mar a bheadh sé á chónascadh leis an Rialtas Sealadach faoi mhí na Nollag 1922.  
Scóip agus Ábhar: Lean Risteard Ó Maolchatha ina Aire Cosanta i rith an Chogaidh Chathartha, agus ghlac sé freisin leis an bpost mar Ardcheannasaí. Baineann Comhaid A na Roinne den chuid is mó leis an tréimhse ó thús na bliana 1922 go dtí gur bunaíodh an Roinn Cosanta go foirmeálta faoin Acht Airí agus Rúnaithe, 1924. Leagtar ar an Roinn faoin Acht sin riarachán agus gnó Fórsaí Cosanta Míleata Shaorstáit Éireann a thógáil, a thraenáil, a chomhghléasadh, a choinneáil suas, a ghléasadh, a bhainistiú, a smachtú, a reigleáil, agus a stiúradh do réir dlí.
Fabhrú: Meastar go dtiocfaidh ábhar breise go fóill.

CoinnÁollacha maidir le Cead Léite

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta