Cogadh Cathartha - Cáipéisí a Gabhadh

Cód Tagartha: IE/MA/CW/CAPT
Teideal: An Cogadh Cathartha - Cáipéisí a Gabhadh
Dátaí: 1922-1925
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán: 8 mbosca Páipéar
Cruthaitheoir(í): Daoine de na fórsaí Poblachtánacha agus daoine a raibh bá acu leo le linn an Chogaidh Chathartha 
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Cáipéisí atá sa bhailiúchán seo a gabhadh ar theacht orthu ag daoine de IRA a gabhadh i mbun fianaise nó le linn cuardaigh, a tógadh ó theachtairí, a fuarthas nuair a tugadh ruathar faoi áitribh a bhí in úsáid ag an IRA, Sinn Féin, Fianna Éireann, Cumann na mBan agus ag daoine a raibh a fhios go raibh bá acu leo nó a raibh amhras orthu ina leith sin.  Baineann mórchuid mhór an ábhair le haimsir an Chogaidh Chathartha, teachtaireachtaí a bhí ag dul idir Ceanncheathrú Ginearálta an IRA agus Briogáid nó idir Briogáid agus fo-aonaid eile.
Chomh luath agus ab fhéidir tar éis a ngabháil, bhí na cáipéisí seo ag an mBrainse Faisnéise inar coinníodh tuairisc ar ainm an té ónar gabhadh iad agus an dáta agus an áit inar tharla sin.  Cuireadh 'uimhir birt' i leith gach dream den chineál sin ar mhaithe le cúrsaí taifeadta.
Scóip agus íbhar: Tá 233 beart de cháipéisí gafa sa bhailiúchán a bhaineann le cúrsaí polaitíochta na linne, le tuairimíocht faoi mheon agus dhearcadh an phobail i leith an chogaidh, agus i leith bhearta a rinne an lucht comhraic.  Tá roinnt cáipéisí ina measc a bhaineann leis an mbliain 1919, tráth roimh thús Chogadh na Saoirse .  Tá eolas sna míreanna a bhaineann leis an tréimhse idir deireadh an Chogaidh Chathartha agus mí Iúil, 1925 maidir leis na hiarrachtaí a rinneadh atheagar a chur ar Arm na Poblachta, feabhas a chur ar chúrsaí traenála agus eagrúcháin i bhfianaise ar tharla i rith Chogadh na gCarad, líon na ndaoine sna haonaid a choinneáil mar a chéile agus fórsa cúltaca a chur ar bun. 

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta