Bailiúchán Tuairiscí Feachtais le linn an Chogaidh Chathartha agus Tuairiscí Faisnéise

Cód Tagartha IE/MA/CW/OPS
Teideal: Bailiúchán Fheachtais de chuid an Chogaidh Chathartha agus Tuairiscí Faisnéise 
Dátaí: Feabhra 1922 — Feabhra 1927
Baineann an bailiúchán den chuid is mó leis an tréimhse Deireadh Fómhair 1922 — Deireadh Fómhair 1923
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán 28 bosca
Páipéar agus imleabhair cheangailte
Cruthaitheoir(í): An tArm Náisiúnta
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Faoi Airteagal 46 den Acht um Bunreacht Shaorstáit Éireann, 1922 ba ag an Oireachtas amháin a bhí “an t-aon cheart chun rialú do dhéanamh i dtaobh tógaint agus cothú na bhfórsaí armtha ... i gcríocha Shaorstáit Éireann”¹.  Ba iad a bhí san Arm Náisiúnta ar dtús, fir in aonaid de chuid Arm na Poblachta a sheas leis an gConradh. Bhí struchtúr ceannasaíochta an Airm Náisiúnta ar dtús dlúthchosúil le hArm na Poblachta i rith Chogadh na Saoirse.  I measc na gceantar ceannais a dtagraítear dóibh sa bhailiúchán seo, tá Ceannasaíocht an Oirthir, Ceannasaíocht an Tuaiscirt, Ceannasaíocht an Iarthair agus Tríú Ceannasaíocht an Deiscirt.  Cuireadh, ina dhiaidh sin, atheagar go foirmeálta ar struchtúr an Airm Náisiúnta ar an 18 Eanáir 1923 nuair a cuireadh atheagar ar na limistéir cheannasaíochta faoi réir Orduithe Gnáthaimh Ghinearálta Uimh. 14².  Faoin Ordú sin, roinneadh an tArm Náisiúnta faoi naoi gcinn d'aonaid ceannasaíochta; Baile ítha Luain, Clár Chlainne Mhuiris, Corcaigh, an Currach, Dún na nGall, Baile ítha Cliath, Ciarraí, Luimneach agus Port Láirge. Is é an t-eagar nua sin ar an gceannasaíocht atá le sonrú ar an gcuid is mó d'ábhar an bhailiúcháin seo.     
Oifigigh i ngach ceann de na haonaid cheannasaíochta seo a chruthaigh na tuairiscí feachtais agus na tuairiscí faisnéise a cuireadh ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Feachtas agus an Stiúrthóir Faisnéise.  Tá cuid mhór de na tuairiscí a cuireadh faoi bhráid ar pro formae a chuir brainse darbh ainm Roinn an Staidrimh Mhíleata ar fáil. 
Scóip agus íbhar: Is é is mó atá sa bhailiúchán seo tuairiscí faoi fheachtais de chuid an Airm Náisiúnta agus tuairiscí faisnéise laethúla agus seachtainiúla maidir le tréimhse an Chogaidh Chathartha.  Tá ábhar riaracháin sa bhailiúchán freisin, mar shampla orduithe ginearálta agus meamraim foirne arna gcur amach ón gCeanncheathrú Ginearálta. 

¹Acht chun Bun-reacht do Shaorstát Éireann d'achtú agus cun an Conrah idir an Bhreatain Mhóir agus Éire do sighníodh i Lundain ar an 6adh lá de mhí na Nodlag, 1921, do thabhairt chun críche. Oifig an tSoláthair, Baile ítha Cliath 1921. l.24
²Duggan, John <dfn>P</dfn>., A History of the Irish Army Baile ítha Cliath 1991, Aguisín 2

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead Léite: Ar fáil ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Civil War Operations/Intelligence Catalogue (1.1MB) 
Nóta: Leagan ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta