Bailiúchán Scoil Eachaíochta an Airm 1926 - 1981

Dunamaise, 1934 (taken from Historical Clippings File IE/MA/ASE/A/H1/1934)
Dunamaise, 1934 (taken from Historical Clippings File IE/MA/ASE/A/H1/1934)
Cód Tagartha: IE/MA/ASE/
Teideal: Scoil Eachaíochta an Airm
Dátaí: 1926-1981
Leibhéal an Chur Síos: Fonds
Méid agus Meán: 69 bosca le 2543 comhad ina bhfuil tuairiscí ar pháipéar, litreacha agus meamraim, gearrthóga as nuachtáin, athchóipeanna grianghraif, imleabhair cheangailte, leabhráin, bileoga agus irisí a foilsíodh, duillíní clóite, sonraisc, lipéid agus ticéid. 
Cruthaitheoir(í): Scoil Eachaíochta an Airm, Dún Mhic Aoidh.
Stair Riaracháin / Beathaisnéise: Cuireadh an Scoil Eachaíochta ar bun sa bhliain 1926 tar éis comhfhreagras idir an Breitheamh Wylie (Cumann Ríoga Bhaile ítha Cliath), an Coirnéal Hogan (Ard-Cheathrúnach) agus an tUachtarán Liam T. Mac Cosgair. Ba é an cuspóir a bhí léi Éire, Eachra na hÉireann, lucht Eachléimní na hÉireann, agus dá réir sin, Óglaigh na hÉireann, a chur chun cinn. 

Tar éis tús maith a chur leis na hiarrachtaí iomaíochta, tugadh isteach an Coirnéal Rodzianko tar éis drochthoradh ar an mbliain 1927, agus chuir an cóiriú a thug seisean ar na modhanna traenála cúnamh don fhoireann eachléimní (ar a raibh marcaigh de leithéid an Mhaoir Ged O’Dwyer, an Choirnéil Frederick Aherne, an Leifteanant-Choirnéal Daniel Corry agus an Chaptaein Cyril Harty) Corn na Náisiún a bhuachan 20 uair idir na blianta 1931 agus 1939.

D'fhág laghdú ar chistí tar éis Thréimhse na hÉigeandála nár fhéad an Scoil Eachaíochta páirt a ghlacadh i gcomórtais d'fhoirne iomlána go dtí na 1970idí, ach is iomaí bua maith a bhí ag capaill aonaracha idir an dá linn agus cruthaíodh go maith go minic ó shin i leith.

Bhí baint mhór ag Oifigigh de chuid na Scoile freisin le cúrsaí eachaíochta in Éirinn taobh amuigh den Scoil féin, mar shampla, an Coirnéal J.J. Lewis (An tríú Cathaoirleach Náisiúnta ar Chumann Seóléimní na hÉireann*),  an Coirnéal Billy Ringrose (Stiúrthóir Láithreach ag Seó Capall Bhaile ítha Cliath*) agus an Coirnéal Ned Campion (Ard-Rúnaí ar Chónaidhm Eachaíochta na hÉireann *).

*ní luaitear ach sampla amháin de na poist ina ndearna na hOifigigh seo fónamh.
Scóip agus íbhar:

 

Tá comhaid sa bhailiúchán seo d'obair fhoireann na Scoile chomh maith le hábhar tánaisteach a thiomsaigh siad. Tá ábhar bunaidh agus ábhar tánaisteach freisin ann a tháinig ó bhoird, cumainn agus dreamanna gairmiúla eile i gcúrsaí eachaíochta.  Aistríodh go dtí an Chartlann Mhíleata é de réir a chéile idir lár na 1990idí agus an bhliain 2010 agus baineann sé leis an tréimhse ó bunaíodh an scoil go dtí an bhliain 1981.  Tá trí phríomhghné ag baint leis mar atá le hobair na Scoile, i.e.

·         Baineann na Comhaid Riaracháin le nithe éagsúla, idir scrúduithe cigireachta ar an scoil, ciondálacha do na fir agus do na capaill, litreacha moltacha ó dhaoine in Éirinn agus thar lear, agus comhaid de ghearrthóga as nuachtáin a bhaineann le stair na Scoile. Is iad sin mórchuid na gcomhad a bhaineann le ghnáthobair an lae ag rith scoile dá sórt, i mbun caidrimh le heagraíocht Óglaigh na hÉireann chomh maith le caidreamh le heagraíochtaí eachaíochta, mar shampla, Bord na gCapall agus na cónaidhmeanna eachaíochta idirnáisiúnta.

·         Is le Comhaid na Seónna Capall a bhaineann mórchuid an bhailiúcháin, agus trácht iontu ar na seónna de gach leibhéal a raibh marcaigh an airm páirteach iontu, idir sheónna beaga áitiúla ar fud na tíre, seónna bliantúla móra idirnáisiúnta agus na Cluichí Oilimpeacha. Is iondúil gurbh é an Chef d'Équipe a thiomsaíodh na comhaid sin agus is gnáth foirmeacha na dtorthaí, cáipéisíocht ó na coistí eagraithe, mar shampla, cláir, foirmeacha iontrála, ticéid don lucht iomaíochta, etc., iontu chomh maith le tuairisc ar an seó féin agus taifid taistil agus airgeadais de chineál éagsúla, ag brath ar ionad agus tábhacht an seó féin.

·         Baineann na Comhaid Tréidliachta le cúrsaí de leithéid sceidil maidir le capaill a chur de láimh ag brath ar an aois agus cúrsaí sláinte, leabhair saothair na gcapall, scrúduithe tréidliachta, tuairiscí agus logleabhair maidir le crúite a chur ar na capaill.

 

Coinníollacha maidir le Cead Léite

Cead léite: Cead léite ag an bpobal
Teanga: Béarla
Deis Aimsithe: Ar phár, ar fáil sa Seomra Léitheoireachta