Irish Army Census Records

 

 

Stair

Nuair a cuireadh an tArm Náisiúnta le chéile sa bhliain 1922, ní dhearnadh soláthar soiléir ar bith maidir le Líon Saighdiúirí ná Bunaíocht an fhórsa a leagan síos.  Faoi Airteagal 8 sa Chomhaontú Angla-Éireannach a síníodh ar an 6 Nollaig 1921, d'fhéadfadh Saorstát Éireann fórsa cosanta míleata a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.  Níor leagadh síos aon choinníoll maidir le líon saighdiúirí ach amháin nach mbeadh an fórsa níos mó i gcomórtas le bunaíocht míleata sa Bhreatain Mhór ná mar a bheadh daonra na hÉireann i gcomórtas le daonra na Breataine Móire.

I dtús báire, bhí aonaid d'Arm na Poblachta, mar a bhí cheana féin, a d'fheidhmigh mar fhórsa cosanta ag an Saorstát agus bhí siad i mbun oibre go luath i mbun comhordúcháin ar na beairicí agus poist mhíleata ar fud na 26 contae a thógáil ar láimh.  Bhí deacracht ag baint le riarachán a dhéanamh ar fhórsa a bhí ar bun roimh ré, agus ba mhó an deacracht nuair a tháinig scoilt san fhórsa ina dhiaidh sin agus nuair a tharla an Cogadh Cathartha idir daoine a d'aontaigh leis an gConradh Angla-Éireannach agus iad siúd a bhí ina aghaidh.

Is léir ach féachaint ar Chór Pá an Airm go háirithe léargas a fháil ar roinnt de na deacrachtaí a bhí roimh fhoireann riaracháin Óglaigh na hÉireann.  Dé Sathairn, an 4 Feabhra 1922 a híocadh saighdiúirí san "Arm Rialta" nó a bhí le híoc den chéaduair tar éis aistriú Bheairic Thor an Bhacaigh níos luaithe an tseachtain sin. Ba trí Oifig Pá an Airm a bhí rialú ar chúrsaí pá agus bhí de phrionsabail ar dtús gan airgead a eisiúint le fear ar bith mura mbeadh Foirm Fianaithe an té sin faighte san Oifig Pá cheana féin.[1] Bhí uimhir, céim, ainm, aonad agus cleithiúnaithe an tsaighdiúra luaite ar an bhFoirm Fianaithe agus bheadh buntábhacht leis na taifid sin maidir le líon agus cineál lucht an Airm a mheas, mar a bheadh maidir le ceisteanna faoi neasghaolta a réiteach dá mbeadh gá scéal a thabhairt faoi bhás saighdiúra.

Mar a tharla, chuaigh an scoilt san fhórsa, earcaíocht thréan, tús leis an gCogadh Cathartha agus trúpaí a chur ar fud na tíre in aghaidh iarrachtaí na hOifige Pá bonn a chur faoi chóras riaracháin lárnach.  Is léir ó theachtaireachtaí raidió, a bhí á gur idir GHQ agus na Rannáin éagsúla, gur ar bhonn áitiúil a bhí earcaíocht agus díshlógádh á dhéanamh.  Ar an 27 Meán Fómhair, rinne an Ginearáloifigeach i gCeannas i Luimneach trúpaí a bhí faoina cheannas a urscaoileadh gan a chur in iúl do GHQ go raibh an beart déanta.  "Óglaigh Cúltaca urscaoilte mar gheall nár thug an Rialtas aon aird ar éileamh arís agus arís eile go dtabharfaí príosúnaigh chun bealaigh.  Ní raibh aon spás dóibh sa Phríosún agam mura ligfí dream Neamhrialta saor" (Aistriúchán ón mBéarla). Luann an Cornal Cheannfort M. Ó Riain, Príomh-Oifigeach Pá, i meamram dá chuid maidir le cúrsaí pá, uair amháin ar aistríodh céad fear as Céad Rannán an Iarthair go Baile ítha Cliath gan a chur in iúl don Oifig Pá.  Ba é an chéad tuairisc a fuair an Oifig Pá ar an aistriú, an bhagairt faoina dtarlódh mura n-íocfaí iad faoin Satharn dar gcionn.

Nuair nach raibh eolas cruinn ar fáil, ní fhéadfadh foireann an Cheanncheathrú meastachán sách cruinn a thabhairt faoi bhillí pá, bia ná éadach a chur ar fáil ná airm a sholáthar ná, fiú amháin, an líon saighdiúirí a bhí ar fáil acu a ríomh.  Faoi mhí Deireadh Fómhair 1922, bhí socraithe ag Comhairle an Airm go ndéanfaí Daonáireamh ar na Fórsaí Náisiúnta ag an meánoíche 12/13 Samhain.  Trí Oifig Stiúrthóir na hEagraíochta, an Ceannfort-Ghinearál Diarmuid Ó hÉigceartaigh ag an am, a rinneadh riarachán i ndáil leis an Daonáireamh. Leagadh amach foirm daonáirimh chun an t-eolas a bhí de dhíth a bhailiú:  Uimhir Reisiminte, Céim, Cór, Sloinne, Ainm Baiste, Aois, Seoladh Baile, Uimhir ar an Leabhar Pá, Dáta Fianaithe, Ionad Fianaithe, Pósta nó Neamhphósta, Creideamh, Neasghaol, Ainm agus Seoladh an Neasghaoil agus Tuairimí.

Stampáladh uimhir faoi leith ar na foirmeacha Daonáirimh ionas go gcinnteofaí go mbeadh cuntas ar gach foirm faoi leith agus rinneadh iad a dháileadh ar gach Ginearáloifigeach i gCeannas.  Rinneadh a ndáileadh ina dhiaidh sin ar gach post agus urphost, mar a ndearnadh oifigeach tiomsúcháin na mionsonraí maidir le gach saighdiúir a bhí sa phost sin ar an meánoíche 12/13 Samhain a thaifeadadh.  Cuireadh na tuairisceáin líonta ar aghaidh chuid an Stiúrthóir Eagraíochta faoin 21 Samhain 1922.

Níos deireanaí a rinneadh na tuairisceáin a chóiriú in ord aibítir de réir an phoist agus iad a cheangal i ndeich gcinn d'imleabhair.

Ba chóir a choinneáil i gcuimhne gur léiriú na tuairisceáin daonáirimh ar líon na saighdiúirí san Arm Náisiúnta agus ar na daoine a bhí ann ag aon phointe amháin faoi leith.  Is foinse maith eolais iad faoi aon saighdiúir a bhí ag fónamh an oíche sin ach ní thugann na tuairisceáin cuntas ar gach saighdiúir a rinne fónamh i rith an Chogaidh Chathartha. Sampla amháin ina leith sin teachtaireacht raidió dar dáta an 1 Nollaig 1922 chuig an nGinearáloifigeach i gCeannas Droim Bó ina dtugtar ordú giorraisc 300 fear a earcú, go mbeidh an dá Chomplacht de dhíth taobh istigh de choicís agus go gcuirfear an dáta díreach in iúl níos deireanaí. [2]


[1] “Memo on Pay” an 21 Lúnasa 1922, A/6820 “Pay Department. Organisation — Appointments of Army Paymasters”. An Chartlann Mhíleata

[2] Teachtaireacht ó CGS chuig GOC Droim Bóan 1 Nollaig 1922, CW/RR/018, Tuairiscí Raidió le linn an Chogaidh Chathartha, An Chartlann Mhíleata