Irish Army Census Records

 

 

AN BAILIÚCHÁN SEO

Tá deich n-imleabhar de Thuairisceáin Daonáirimh i mbailiúchán an Daonáirimh, iad faoi cheangal leathair agus cárta agus iad curtha in ord aibítir de réir na bpost.  Go dtí seo, bhí bac ar dheis léite i ndáil leis an mbailiúchán mar gheall ar mhéid na n-imleabhar agus an áit a gcoinnítear iad - mura mbeadh eolas ag taighdeoir faoin bpost díreach a ndearna saighdiúir faoi leith fónamh ann, ní raibh aon bhealach chun cuardach a dhéanamh sna himleabhair ach gach iontráil faoi leith a léamh.  

Tá caoi bhreá ar na himleabhair nuair a chuirtear a n-aois san áireamh, ach tá caitheamh éadrom ar an gceangal leathair mar a thagann le húsáid rialta. Ó tá digitiú déanta ar an mbailiúchán anois, cuireadh na himleabhair faoi chumhdach saindéanta saor ó aigéad agus ní bheidh siad in úsáid go ginearálta sa seomra léitheoireachta níos mó.