Pinsin agus dámhachtana

Baineann an rannán cuardaigh seo le comhaid daoine aonair a rinne iarratais i dtaca le bás, créachtaí agus míchumais chomh maith le seirbhís chogúil. Déileálann na hAchtanna Arm-Phinsean leis na rannpháirtithe a bhí gonta nó maraithe agus lena gcleithiúnaithe. Déileálann Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata leis na rannpháirtithe a mhair agus a bhí in ann cruthúnas a chur ar fáil faoi sheirbhís chogúil nó seirbhís phríomhúil in eagraíochtaí sonraithe.

Rith Oireachtas Shaorstát Éireann reachtaíocht ó Mheitheamh 1923 ar aghaidh chun aitheantas agus cúiteamh a thabhairt d’iarbhaill ghonta agus do bhaintreacha, leanaí agus cleithiúnaithe eile na n-iarbhall a bhí maraithe mar aon leo sin a raibh cruthúnas ann gur thug siad seirbhís chogúil i rith na seachtaine dar tús 23 Aibreán 1916, i gCogadh na Saoirse nó sa Chogadh Cathartha, trí phinsin seirbhíse a íoc leo. Chaithfí a chruthú go raibh ballraíocht ag duine in Óglaigh na hÉireann, ar a n-áirítear an tArm Náisiúnta/ Fórsaí Náisiúnta, na Irish Volunteers, agus an Irish Citizen Army. Le himeacht ama, méadaíodh agus leathnaíodh an fhoráil chun áireamh a dhéanamh ar bhaill na Hibernian Rifles, Cumann na mBan, Fianna Éireann, Iarbhaill a bhí i gcoinne an tSosa sa Chogadh Cathartha agus baill áirithe de na Connaught Rangers, mar shampla.


Cuardaigh an Bunachar Sonraí na bPinsean agus Dámhachtainí