Pinsin Seirbhíse  Ginearálta — Bord Meastóirí, 1924 (cód tag: SPG/)

Déileálann na comhaid seo le riarachán an Bhoird Meastóirí idir 1924 agus 1928 mar aon le deimhniú na n-éileamh pinsin. Sa tsraith seo tá litreacha chuig baill ardchéime den Arm Náisiúnta agus Teachtaí Dála, ina léirítear deacrachtaí le soláthar nó aimsiú cruthúnais i dtaca le seirbhís iarratasóirí ó “Na Sé Chontae”, mar aon le socruithe agus coinní chun iarratasóirí a chur faoi agallamh faoi mhionn ag ionaid tuaithe, mar shampla. 
Maidir le comhaid nach bhfuarthas, tá teidil orthu a dhéileálann le cúinsí pearsanta, saoire foirne agus nithe ginearálta a bhaineann le stáiseanóireacht agus soláthairtí.
Is féidir liosta de chomhaid sin a fheiceáil thíos. Roghnaigh chun a theacht ar a mionsonraí agus ar chóip dhigiteach.

Féach ar na Pinsin Seirbhíse Ginearálta - Bord Measúnóirí 1924 comhad