STAIR EAGRAÍOCHTAÍ

Cuntas gairid ar na “comhlachtaí míleata” a dhéanann suas “na Fórsaí” mar a bhaineann le Bailiúchán Pinsean Na Seirbhíse Míleata (1916-1923).

Óglaigh na hÉireann

Óglaigh na hÉireann an t-ainm Gaeilge atá ar na Irish Volunteers. Ina dhiaidh sin ghlac an Irish Republican Army leis an ainm, tar éis rúin de chuid  chéad Dháil Éireann ar an 20 Lúnasa 1919.  Ainm eile a úsáideadh go coitianta ón 9 Aibreán 1922, tar éis deighilte san Arm, ab ea “na Fórsaí Náisiúnta”, is é sin na fórsaí armtha ar fad a bhí faoin Rialtas Sealadach nó faoi Rialtas Saorstát Éireann: An tArm Náisiúnta. 

I measc na nithe eile a ceadaíodh faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) bhí "4. –Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle fórsa armtha do thógáil agus do choinneáil suas, fórsa dá ngairmtear Óglaigh na hÉireann (dá ngairmtear na Fórsaí ina dhiaidh seo anso) agus a bheidh có-dhéanta de pé méid oifigeach, oifigeach neachoimisiúnta, agus fear a fhorálfidh an tOireachtas ó am go ham” agus “22. –Bunófar na Fórsaí ó dháta a socrófar le Furógra ón Ard-Chomhaírle san Iris Oifigiúil". De réir Mhír 22 den Acht, ba é an 1 Deireadh Fómhair an dáta a socraíodh.

Ar an dóigh sin choinnigh Óglaigh na hÉireann an ceangal a bhí bunaithe cheana féin acu leis na Irish Volunteers ó 1913, trína n-éide, suaitheantas a gcaipín, cnaipí a n-ionar agus an chéim Ceannasaí i measc na n-oifigeach, mar shampla.

Na Irish Volunteers

Bunaíodh iad ar an 25 Samhain 1913 ag cruinniú poiblí sa Rotunda, Baile ítha Cliath, a bhí eagraithe ag Bulmer Hobson le lántacaíocht ó Eoin Mac Néill — athair na gluaiseachta. Bhí lucht leanta ann ó Shinn Féin, Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael mar aon le comhaltaí de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann. 

Faoi Bhealtaine 1914 bhí ballraíocht thart ar 80,000 acu. Bailíodh airgead trí John Devoy agus Clan na Gael sna Stáit Aontaithe agus trí Alice Stopford Green i Sasana. Tharla scoilt sa ghluaiseacht tar éis óráide a thug an Feisire John Redmond ag An Droichead Adhmaid i gCo. Chill Mhantáin ar an 20 Meán Fómhair 1914 inar ghríosaigh sé na hÓglaigh tacaíocht a thabhairt don Bhreatain Mhór sa chogadh in aghaidh na Gearmáine agus a comhghuaillithe “chun náisiúin bheaga a shaoradh”. Lean an chuid ba mhó do Redmond agus tugadh Na hÓglaigh Náisiúnta orthu. Chuir mionlach de thart ar 11,000 ath-eagar orthu féin i nDeireadh Fómhair 1914; ceapadh Mac Néill ina Cheann Foirne, Pádraig Mac Piarais a bhí ina Stiúrthóir Eagraíochta, ba é Seosamh Pluincéid a bhí ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata, Micheál Ó Rathaille a bhí ina Stiúrthóir Arm, Tomás Mac Donncha ina Stiúrthóir Traenála agus Bulmer Hobson ina Cheathrúnach. 

Rinneadh ath-eagar agus athbheochan ar an ngluaiseacht tar éis theip an éirí amach míleata i gCáisc 1916, na ceannairí a bheith curtha chun báis agus na daoine a bheith á ngabháil as éadan ag an am.

Tháinig an 1ú Dáil Éireann le chéile ar an 21 Eanáir 1919 agus fógraíodh Poblacht na hÉireann; ba iad na hÓglaigh sin, a ghlac móid dílseachta don Dáil níos déanaí, Arm Phoblacht na hÉireann de facto.

An Irish Citizen Army

James Larkin agus Séamas Ó Conghaile a bhunaigh é ar an 23 Samhain 1913 mar chóir chosanta do na hoibrithe le linn Fhrithdhúnadh Bhaile ítha Cliath.  Bhí a gceanncheathrú i Halla na Saoirse. Ghlac Ó Conghaile ceannas iomlán air ina dhiaidh sin, in earrach 1914. Rinne sé fórsa armtha in éide díobh a raibh sé d’aidhm acu úinéireacht na talún a bheith ag muintir na hÉireann agus Poblacht na nOibrithe a bhunú. Ba é Sean O’Casey a bhí ina Ard-Rúnaí ar an Arm. Ghlac thart ar 200 ball páirt in Éirí Amach 1916 i mBaile ítha Cliath. Thacaigh an Irish Citizen Army leis na Neamhrialtaigh/na fórsaí Frithchonartha le linn an Chogaidh Chathartha. Bhí ról lárnach tionchair ag Constance Markievicz i gcur in aghaidh an Chonartha.

Na Fianna Éireann

Seo an ghluaiseacht óige Phoblachtach a bhunaigh Markievicz agus Hobson i mBaile Átha Cliath i Lúnasa 1909. BhÁ 22 slua nó feadhain ann faoi 1912, i mBéal Feirste, Luimneach, Corcaigh, Port Láirge, Dún Dealgan, an tIúr, Lios Tuathail agus Cluain Meala. Chabhraigh cuid de na baill le thabhairt i dtÁr na ngunnaí i mBinn Éadair in Iúil 1914, thacaigh siad leis na hÓglaigh i rith Chogadh na Saoirse agus rinneadh brainse sóisearach den IRA/Sinn Féin díobh blianta ina dhiaidh sin.

Na Hibernian Rifles

Grúpa príobháideach náisiúnach mílíste a bhí eagraithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an grúpa tar éis scoilte in Ord írsa na nIbeirneach (AOH).  Scar an eite armtha den AOH (an Irish American Alliance) ón AOH (Board of Erin) in 1907 mar gheall ar “sheicteachas cúng” an dream úd. Ansin tháinig siad faoi thionchar Chlan na Gael agus bhí ceanncheathrú acu ag 28 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile ítha Cliath. Mar eagraíocht thug siad síntiúis agus ghearr siad tobhach ar a mbaill chun tacú leis na hoibrithe le linn Fhrithdhúnadh 1913/1914 agus d’éirigh siad cairdiúil leis an Arm Cathartha. Fuair siad airm ón gConghaileach agus ón Citizen Army agus cheannaigh siad cinn eile ó shaighdiúirí in Arm na Breataine. Throid suas le 30 ball in Ard-Oifig an Phoist agus i gcoimhlint a tharla ag an Exchange Hotel ar Shráid na Parlaiminte i rith Sheachtain na Cásca 1916. D’fhoilsigh siad nuachtán seachtainiúil dar teideal The Hibernian.

Cumann na mBan

 

EagraÁocht ban a bunaÁodh in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath, in Aibreán 1914 faoi chathaoirleacht Agnes O’Farrelly agus orthu sin i láthair bhÁ Markievicz, Kathleen Clarke, Áine Ceannt agus Mrs. Thomas Kettle.  Chaill an eagraÁocht a mballraÁocht i Samhain 1914 nuair a léirigh siad tacaÁocht do na Irish Volunteers. Thacaigh Cumann na mBan le hÉirÁ Amach 1916, agus a mbaill ag feidhmiú mar chúiréirÁ, cúntóirÁ agus altraÁ, mar shampla.

Ina mbunreacht, a glacadh tar éis an ÉirÁ Amach, d’fhógair an eagraÁocht go raibh siad dÁrithe ar oibriú do Phoblacht Éireannach. BhÁ a leagan amach agus a n-imscaradh crÁche in 1920/1921 ina mhacasamhail de struchtúr Briogáide agus Cathláin an IRA agus thug na baill cabhair ghnÁomhach do ghluaiseacht na Poblacht i rith Chogadh na Saoirse. BhÁ formhór na mball i gcoinne an Chonartha. I rith na 1920Á, faoi cheannas Maud Gonne, thacaigh an eagraÁocht leis an IRA agus chuir siad tús le comóradh lile na Cásca in 1926.