Sainmhíniú ar Sheirbhís Chogúil (fiannas)

Tá an téarma “seirbhís chogúil” nó seirbhís cháilitheach chogúil” nó “seirbhís mhíleata” lárnach i mbronnadh gradam do gach catagóir d’iarratasóirí faoi na hAchtanna Arm-Phinsean1923-1953, Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934 agus  Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú) 1949. Bhí leibhéil éagsúla míshástachta ar chuid de na hiarbhaill ar diúltaíodh íocaíochtaí dóibh faoin reachtaíocht. Dá thoradh sin rinne Cumainn de chuid an tsean-IRA agus iarbhaill dian-stocaireacht ar íonaithe tofa an Rialtais agus an fhreasúra, ar comhlachtaí eile agus ar dhaoine aonair go n-athrófaí feidhm an téarma “seirbhís chogúil” mar a bhí leagtha síos faoi na hAchtanna.

Tháinig roinnt éabhlóide ar choincheap agus ar fheidhmiú ‘sheirbhís chogúil’ agus dá réir ar dheonú (nó a mhalairt) pinsean nó íocaíochtaí de réir mar a tharla na hathruithe éagsúla reachtaíochta agus sonraíodh é faoi réir na n-achtanna ábhartha agus an eolais nua a bhí le fáil ó chomhaid na Roinn Cosanta ar na leathanaigh seo:

I gcás Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, is léir go raibh míshástacht áirithe leis an téarma ‘seirbhís chogúil’ ar na daoine sin ar diúltaíodh Deimhniú Seirbhíse Míleata a thabhairt dóibh. Níor chuir an Bord Meastóirí aon chúiseanna ar fáil faoi Acht, 1924 ná an Réiteoir faoi Acht, 1934 nár deonaíodh deimhnithe do na hiarratasóirí.  Is cosúil go raibh an fhadhb ba mhó leis an easpa sainmhínithe ar “sheirbhís chogúil” sa reachtaíocht. Feictear é seo in uiríll pholaitiúla, i stocaireacht agus in agóidí a rinne eagraíochtaí na n-iarbhall trí na meáin éagsúla nuair ba chosúil gur beag sásaimh a thug iarratais agus achainíocha a rinneadh faoi Acht 1949 dóibh sin ar diúltaíodh deimhniú dóibh faoin reachtaíocht a tháinig roimhe sin. Tá sé seo iontach soiléir sna páipéir, sna haighneachtaí agus sna huiríll a chuir eagraíochtaí éagsúla na n-iarbhall agus ionadaithe poiblí agus daoine eile chuig an Rialtas trí Ranna an Taoisigh, Airgeadais agus Cosanta thar cheann daoine aonair go luath sna 1950í (féach comhaid 3/15110 agus 3/13070).

Bhí cúiseanna eile imní a d’ardaigh na hiarbhaill, go háirithe cúinsí sláinte, cóir leighis, comóradh, agus nithe a bhain le bronnadh bonn, mar shampla, agus is féidir a theacht orthu sin tríd na liostaí cuimsitheacha i gcomhaid na Roinne atá eisithe anois mar chuid den bhailiúchán seo. Gan dabht, bhí cúrsaí airgeadais i gceist freisin do Rialtas na linne, mar a léiríonn na comhaid.

Le blianta anuas, tá fáil ag taighdeoirí agus ag staraithe ar bhailiúcháin phríobháideacha páipéir ina raibh eilimintí agus cóipeanna d’fhoirmeacha a bhain le hiarratais agus tagairtí ó iarbhaill mór-le-rá den IRA agus daoine eile i ngnéithe a bhain le héilimh ar “phinsin”. Ní mór na páipéir sin a thuiscint i gcomhthéacs. Nuair a bheidh taighdeoirí, bíodh siad ina staraithe nó ina mbaill den teaghlach, in ann iomláine agus castacht na gcomhad atá sa Bhailiúchán PSM a mheasúnú ar bhealach oscailte inrochtana, is ansin amháin a fhéadfar staidéar a dhéanamh ar an gceist cén fáth ar diúltaíodh Deimhniú Seirbhíse Míleata don iarratasóir.