Reachtaíocht

De thoradh na bpíosaí éagsúla reachtaíochta sin, tháinig iarratais ó dhaoine a mheas go raibh siad i dteideal aisce, liúntais nó pinsin. Foilsíodh sonraí na reachtaíochta i meáin chlóite na linne. Rinne an Roinn Cosanta, Bord Meastóirí nó Coiste Comhairleach a bhí bunaithe faoin reachtaíocht ábhartha measúnú ar na hiarratasóirí, agus cinneadh ar éirigh leo nó nár éirigh.
Tá dhá shruth reachtaíochta bainteach leis an ábhar atá sa bhailiúchán:

  • Na hAchtanna Arm-Phinsean ó 1923
  • Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934 agus 1949

Na hAchtanna Arm-Phinsean ó 1923

Dhéileáil na hAchtanna Arm-Phinsean le rannpháirtithe gonta agus le cleithiúnaithe na rannpháirtithe a bhí maraithe, agus dhéileáil Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata leis na rannpháirtithe a bhí fós beo agus a bhí in ann a seirbhís chogúil a chruthú. Faoi na hAchtanna Arm-Phinsean 1923 go dtí 1980 is féidir sochair a dheonú i dtaca le míchumas inchurtha i leith seirbhíse a thug baill sna Fórsaí Cosanta, san Arm Náisiúnta, in Óglaigh na hÉireann, (Arm Phoblacht na hÉireann), na Irish Volunteers, an Irish  Citizen Army, Fianna Éireann, na Hibernian Rifles agus Cumann na mBan. Faoi na hAchtanna freisin, is féidir sochair a dheonú do chleithiúnaithe na mball éaga de na heagraíochtaí sin. Tugtar an teideal sraith “P” agus sraith “D” do na príomhshraitheanna comhad a cruthaíodh faoi na hAchtanna Arm-Phinsean agus atá ábhartha don MSPC. Baineann na sraitheanna “P” agus “D” leis an tréimhse a thosaíonn ar an 1 Aibreán 1916 agus a chríochnaínn ar an 30 Meán Fómhair 1924, agus iontu sin tá iarratais aonair ar íocaíochtaí pinsin créachtaí d’iarbhaill ghonta (P), liúntais agus aiscí do bhaintreacha, leanaí, cleithiúnaithe agus páirt-chleithiúnaithe iarbhaill éaga (D) d’Óglaigh na hÉireann ar a n-áirítear an Gnáth-Arm, na Irish Volunteers agus an Citizen Army, 1916, faoi fhorálacha na hAchta Arm-Phinsean 1923. Bhí forálacha ann freisin chun fearais leighis agus gairmoiliúint a sholáthar.

Cruthaíodh go raibh na hiarratasóirí ar éirigh leo “ar sheirbhís chogúil, maraithe nó créachtaithe le linn a bheith ar dualgas” murar tharla sin de bharr aon fhaillí mhór nó mí-iompar.  Cuireadh deireadh ar an 30 Meán Fómhair 1924 le deonú pinsin mhíchumais (DP) i dtaca le galar a tolgadh agus le deonú liúntas agus aiscí do chleithiúnaithe na ndaoine a bhásaigh ó ghalair inchurtha i leith na seirbhíse. Faigh tuilleadh eolais faoi sheirbhís ghníomhach.

Comhaid Ghaolmhara:

Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934 agus 1949

Faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, d’fhéadfaí pinsean na seirbhíse míleata a íoc le daoine “a thug seirbhís mhíleata in Óglaigh na hÉireann nó sna Irish Volunteers nó san Irish Citizen Army nó i bhFianna Éireann nó sna Hibernian Rifles i rith na seachtaine dar thosach an 23adh Abrán, 1916; ar son seirbhíse leanúnaí ó 1adh Abrán, 1920, go dtí 31adh Márta, 1921; ar son seirbhíse leanúnaí ó 1adh Abrán, 1921, go dtí 11adh Iúl, 1921; agus a bhí ag fónamh sna Fórsaí Náisiúnta nó i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann aon uair tar éis an 1adh lá d'Iúil, 1922, agus roimh an 1adh lá de Dheire Fómhair, 1923”. 
Bunaíodh Bord Meastóirí faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Cyril J. Beatty, BL, Breitheamh Cúirte Dúiche, mar aon le Edmund J. Duggan, TD, Rúnaí Parlaiminte don Ard-Chomhairle agus an tAire Iascaireachta, Finian Lynch, TD, a bhí ina gcomhaltaí; ba é an Leifteanantghinearál Gearóid Ó Súilleabháin (ar scor) a bhí ina Rúnaí don Bhord. Cheadaigh an Bord íocaíochtaí pinsin do 3855 iarratasóirí. Glacadh leis go raibh cásanna prima facie  ag 9800 iarratasóir eile ach gur dhaoine iad nár bhain an tAcht leo.

Bhí éagsúlacht sa mhéid pinsin a bhí iníoctha, ag brath ar chéim an iarratasóra, rud a bhí bunaithe ar struchtúr céime na bhFórsaí Náisiúnta/Cosanta; bhí £5 i gceist do gach bliain seirbhíse agus do gach Grád. Mar sin, i gcás Saighdiúirí Singile agus Oifigigh Neamhchoimisúnaithe (Grád A) bhí £5 i gceist, agus bhí £25 sa bhliain i gceist i gcás na n-oifigeach a raibh céim níos airde ná Maorghinearál (Grád E) acu. Bhí líon na mblianta de sheirbhís leanúnach a cuireadh san áireamh don phinsean áirithe chun a theacht go dtí 14 bliana de sheirbhís chogúil san iomlán.  Mar shampla, áiríodh Seachtain na Cásca 1916 mar 4 bliana seirbhíse. Dá réir sin, is £350.00 an pinsean ba mhó a deonaíodh.

24/<acronym>SP</acronym>/xxx an teideal atá curtha ar chomhaid na n-iarratasóirí ar fad a measadh agus a socraíodh faoi Acht 1924.