IARRATAIS A FHíORíš

Faoi na hAchtanna Arm-Phinsean — Bord na nArm-Phinsean

Nuair a feidhmíodh An tAcht Arm-Phinsean, 1923, chuaigh an Roinn Cosanta i mbun oibre chun meicníocht agus nósanna imeachta a bhunú do riaradh an Achta sin.

Ar an 13 Meitheamh 1923, chuir an Ginearál Richard Mulcahy meamram faoi bhráid na hArd-Chomhairle ag moladh go mbunófaí Bord na nArm-Phinsean. Scrúdódh an Bord gach éileamh faoin Acht agus chomhairleodh siad don Aire Cosanta cén íocaíocht, má bhí aon cheann, ba chóir a dhéanamh i ngach cás.

Tar éis don Aire Airgeadais glacadh leis sin, ceadaíodh Bord na nArm-Phinsean ar a mbeadh Cathaoirleach le hoiliúint bhreithiúnach nó dlí, ionadaí ón Ardaidiúnach agus ionadaí ón Roinn Airgeadais.  Chuirfeadh an Roinn Cosanta fáil ar Rúnaí don Bhord.

I ndiaidh a chéile, socraíodh Bord Liachta a bhunú laistigh d’acmhainní Sheirbhís Liachta an Airm, agus d’fhreastalódh an cathaoirleach ar chruinnithe de Bhord na nArm-Phinsean nuair ba ghá chun comhairle a thabhairt faoi ghnéithe leighis a bheadh in aon chás ar leith.

Faoi Mheitheamh 1924, aithníodh go raibh gá le Réiteoir nó le nós imeachta achomhairc agus cheap Uachtarán na hArd-Chomhairle agus an tAire Cosanta, W.T. Cosgrave, T. D., ceathrar máinlianna - R.C.B. Maunsell as Ospidéal Mercer, H. Barniville as an Mater, D. Kennedy as Ospidéal Naomh Uinseann agus J.L. Keegan as Ospidéal Shráid Jervis — chun suí ar a seal ar an mBord na nArm-Phinsean agus athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnachtaí an Bhoird Liachta.

Tharla deacrachtaí in imeacht ama le hoibriú Bhord na nArm-Phinsean mar a bhí agus socraíodh an Bord a bhunú go foirmiúil de réir reachta san Acht Arm-Phinsean, 1927 (Mír 5 & 6).

Fógraíodh na chéad cheapacháin ar an 29 Lúnasa 1927 mar a leanas:

Cathaoirleach: George Nicolls, B.A. Aturnae. Ball: Charles Dickson, M.D. FRCPI. Ball: An Maor Thomas McKinney, Leas-Stiúrthóir Sheirbhís Liachta an Airm.

Tá tuairiscí agus cinntí Bhord na nArm-Phinsean le fáil mar chuid de chásanna na n-iarbhall aonair i gcomhaid atá i mBailiúchán Pinsean Na Seirbhíse Míleata. Tá roinnt comhad riaracháin ann freisin agus iad eisithe mar chuid den bhailiúchán.

Faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata — Boird Meastóirí agus Réiteoirí  

1924 — Soláthar d’íocaíocht na bpinsean seirbhíse míleata

Bhunaigh Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1924 Bord Meastóirí ar a raibh triúr ball. An aidhm a bhí leis ná gach iarratas ar Dheimhniú Seirbhíse Míleata a bhí curtha chucu ón Roinn Cosanta a scrúdú agus tuairisc a thabhairt faoi sheirbhís mhíleata an iarratasóra. Bheadh an Cathaoirleach ina Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, san Ard-chúirt, sa Chúirt Chuardaigh nó sa Chúirt Dúiche nó ina abhcóide cleachtach le deich mbliana ar a laghad. Bheadh an triúr ball ceaptha ag an Aire le cead ón Ard-Chomhairle. Rinneadh an bord a chur le chéile ar an 4 Deireadh Fómhair 1924 agus chríochnaigh siad a gcuid oibre i nDeireadh Fómhair 1928.

1934 — leathnú scóip na reachtaíochta

Chuir Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1934 deireadh le cuid de na bacainní a bhain leis an reachtaíocht roimhe sin agus thug sé scóip d’iarbhaill nach raibh cáilithe roimhe sin chun iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Seirbhíse Míleata. Chuir an tAcht deis ar fáil chun Réiteoir a cheapadh mar aon le Coiste Comhairleach  ar a mbeadh ceathrar ball chun cuidiú leis an Réiteoir a fheidhm faoin Acht a chomhlíonadh

Bheadh an Réiteoir ina Bhreitheamh faoin gcoinníoll gairmiúil céanna a bhí leagtha síos in Acht 1924 agus ar an gCoiste bheadh beirt bhall a raibh ardchéim acu sna Fórsaí roimh 11 Iúil 1921 agus beirt bhall eile a d’ainmneodh an tAire Airgeadais agus an tAire Cosanta faoi seach.

Nuair a chuaigh an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach i mbun oibre ag scrúdú na n-iarratas ar Dheimhniú Seirbhíse Míleata, fuarthas amach go gcaithfí cuid de na hiarratais a fuair siad a mheas mar is cóir faoi fhorálacha an Achta 1924. Dá réir sin, ar chomhairle ón Ard-Aighne, athbhunaíodh an Bord Meastóirí, bhí an Réiteoir mar chathaoirleach air, bhí beirt iaroifigeach shinsearach den IRA ina mbaill air agus thagadh siad le chéile ó am go ham, de réir mar a theastaigh. Chuir an Bord Meastóirí athbhunaithe, an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach deireadh lena bhfiosrúcháin ar an 31 Iúil 1947.

Fógra Poiblí 1945

Nós imeachta a leanadh i dtaca le breithniú na n-éileamh ar Dheimhniú Seirbhíse Míleata faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934. Eisithe ag an Roinn Cosanta agus foilsithe ag Oifig an tSoláthair, Baile ítha Cliath, 500 cóip, Feabhra 1945. Eisíodh an fógra tar éis uiríoll agus/nó casaoidí ó eagraíochtaí agus cumainn éagsúla den sean-IRA thar cheann na n-iarbhall ar diúltaíodh deimhniú dóibh nó ag casaoid faoin mhoill i bpróiseáil na n-iarratas.


Féach ar an doiciméad a ghabhann

1949 — ag soláthar d’iarratais nua agus athbhreithniú ar chásanna a bhí diúltaithe

Nuair a tháinig Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Leasú), 1949 i bhfeidhm athbhunaíodh an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach agus bheadh siad i mbun oibre go dtí 30 Meán Fómhair 1958. 

Sa láithreán gréasáin seo tá ainmneacha agus sonraí faoi thréimhse oifige na ndaoine a ceapadh ar an Bord Measúnóirí, an Coiste Comhairleach Réiteoirí agus bunaidh, an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach athbhunaithe i rith na tréimhse ón 4 Deireadh Fómhair 1924 go dtí 30 Meán Fómhair 1958. 

Tá aithne réasúnta maith ar chuid de na daoine seo sa saol poiblí agus sa saol gairmiúil agus bhí páirt acu in imeachtaí na tréimhse suas go dtí bunú an Stáit agus i dteacht chun cinn a staire.  Mar gheall ar thábhacht na ndaoine seo agus na ceapacháin a bhí acu faoin reachtaíocht éagsúil pinsin, socraíodh fáil a chur ar an oiread eolas agus a d’fhéadfaí a bhailiú faoina mbeatha agus a ngairmeacha chun léargas níos cuimsí a thabhairt ar obair an phróisis dheonaithe pinsin.

Tá sé riachtanach breac-chuntas a thabhairt ar na struchtúir shibhialta laistigh den Aireacht/Roinn Cosanta óna bunú in 1922 chun tuiscint a fháil ar chuid mhór de na próisis agus na nósanna imeachta atá luaite i gcomhaid an bhailiúcháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, breathnú ar stair ghairid ar an éabhlóid an taobh sibhialta na Roinne sa chéad deich mbliana.

Doiciméid Ghaolmhara: