FOINSE AGUS STAIR CHARTLAINNE

Tá na comhaid a chruthaigh an Roinn Cosanta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean fanta faoi cheannas na Roinne ón tús. I dtús ama bhí na comhaid lonnaithe in oifigí na Roinne i nDún Uí Ghríofa ar an gCuarbhóthar Theas, Baile ítha Cliath, ina dhiaidh sin bhí siad i gColáiste Caoimhín i nGlas Naíon, Baile ítha Cliath, agus ar deireadh bhí siad i mBrainse Airgeadais na Roinne sa Rinn Mhór i nGaillimh. Aistríodh na comhaid neamhreatha a bhaineann leis an mbailiúchán go dtí an Chartlann Mhíleata ag Dún Chathail Bhrugha, Baile ítha Cliath, in 1989 le stóráil agus le húsáid sa Roinn mar ba ghá.

Aistríodh formhór na gcomhad agus an ábhair a chruthaigh an Bord Meastóirí faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 ó oifigí an Bhoird i nDún Portobello go dtí Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle (Roinn an Taoisigh) ar an 30 Márta 1928. Choinnigh an Roinn Cosanta na comhaid a bhain le 7610 iarratasóir nár éirigh leo.

Tar éis fheidhmiú Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata 1934, d’iarr an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach comhaid éagsúla aonair a chruthaigh an Bord Meastóirí a fháil ó Roinn an Taoisigh, agus le himeacht ama aistríodh na comhaid ar fad go dtí Oifig an Réiteora a bhí lonnaithe ar dtús ag Dún Uí Ghríofa agus ina dhiaidh sin i gColáiste Caoimhín. D’fhanfadh na comhaid sin faoi cheannas an Réiteora agus chuirfí leo go suntasach trí chruthú na sraithe comhad Rollaí Ainmniúla agus Gníomhaíochtaí san oifig chéanna, mar aon le comhaid riaracháin agus iarratasóirí faoi Acht 1934.

Bhain Brainse Airgeadais na Roinne Cosanta úsáid as comhaid bhunaidh na n-iarratasóirí mar chomhad “íocaíochtaí” i gcás na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoi Acht 1934 agus léiríonn taifid, mórleabhair agus cártaí innéacs an rialú agus an fhreagracht ar chomhaid laistigh den Roinn agus d’Oifig an Réiteora. Nuair a cuireadh deireadh le hobair an Réiteora agus an Choiste Chomhairleach in 1957, aistríodh na comhaid ar fad a chruthaigh Oifig an Réiteora faoi Achtanna 1934 agus 1949, agus na comhaid sin a chruthaigh an Bord Meastóirí san áireamh, go dtí Brainse Airgeadais na Roinne.

Nuair a díláraíodh Brainse Airgeadais na Roinne ó Choláiste Caoimhín go dtí an Rinn Mhór i nGaillimh in 1989, rinneadh scrúdú cuimsitheach ar na comhaid a bhí coinnithe i gColáiste Caoimhín. Na comhaid neamhreatha a cruthaíodh faoi na hAchtanna Arm-Phinsean agus faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata a bhain leis an tréimhse ó 1916 go dtí 1923, aistríodh iad go dtí an Chartlann Mhíleata lena stóráil agus lena n-úsáid sa Roinn. Rinneadh na comhaid reatha iarratasóirí (na hiarbhaill agus a gcleithiúnaithe a bhí fós ag fáil íocaíochtaí), agus na comhaid riaracháin a chruthaigh an Réiteoir agus an Coiste Comhairleach, mar aon leis an mBrainse Airgeadais a aistriú go Gaillimh. Tugadh na comhaid ar fad a bhain le MSPC agus a bhí á stóráil sa Chartlann Mhíleata ar láimh don Bhainisteoir Tionscadail i Márta, 2008. Tar éis suirbhé cuimsitheach a dhéanamh ar na comhaid a bhí i dtaisce sa Bhrainse Airgeadais, Gaillimh, aistríodh comhaid ainmnithe go dtí an oifig thionscadail agus  rinneadh iad a chomhtháthú in athuair le MSPC in Iúil 2008. Maidir leis na comhaid agus na taifid san MSPC bhí damáiste déanta dóibh de bharr droch-choinníollacha stórála, droch-chaighdeán páipéir a bheith iontu, meirg a bheith tagtha ar na biorán, na stáplaí agus na ceanglóirí a bhí orthu, agus drochláimhsiú a bheith faighte acu thar na blianta. Tugann sin dúshláin shuntasacha do chartlannaithe an tionscadail. Ach sin ráite, tá cuid mhór den ábhar a haimsíodh, a próiseáladh agus a ndearnadh suirbhé air tagtha slán go dtí seo.