An Roinn cosanta: an chéad eagrú

Idir 1922 agus 1928 roinneadh an obair ar an taobh sibhialta den Aireacht Cosanta / Roinn Cosanta idir Oifigeach Airgeadais an Airm agus an Rúnaí. Bhí foirne ar leith i gceist agus iad lonnaithe ag Dún Portobello (Dún Chathail Bhrugha, Baile ítha Cliath, anois), Dún Uí Ghríofa ar an gCuarbhóthar Theas, Baile ítha Cliath agus an coimpléasc ag Geata na Páirce/Bóthar na hOtharlainne. Ceapadh an 1ú Oifigeach Airgeadais an Airm (Thomas Gorman) go foirmiúil ar an 26 Meitheamh, 1023 agus ceapadh freisin é ina Oifigeach Cuntasaíochta. Ceapadh Leasoifigeach Airgeadais Airm (W.P. Blunden) agus Oifigeach Cúnta Airgeadais ar an 1 Nollaig 1924. Ceapadh an Rúnaí, C. B. O’Connor, ar an 1 Iúil, 1923.

I rith na tréimhse seo is ar Bhrainse Oifigeach Airgeadais an Airm a thit formhór den obair shibhialta, ar a n-áirítear an riarachán iomlán airgeadais do na Fórsaí, Rialacháin faoi Achtanna na bhFórsaí Cosanta, fostú saineolaithe agus teagascóirí sibhialtacha, agus na cásanna agus na tograí ar fad chuig an Roinn Airgeadais, mar shampla.

Ina lán cásanna bhí oifigigh mhíleata agus foireann sibhialtach ag obair le hais a chéile san Aireacht Chosanta. I mBrainse an Rúnaí féin, ba é an tArdoifigeach Feidhmiúcháin an chéad ghrád eile a bhí níos airde ná an Rúnaí.

Nuair a chuaigh Oifigeach Airgeadais an Airm ar a phinsean in Iúil, 1928, ba é an Leifteanantghinearál Peadar Mac Mathúna, a sheirbheáil mar Cheann Foirne ar na Fórsaí Cosanta agus a ceapadh ina Rúnaí ar an Roinn Cosanta ar an 31 Márta, 1927, a ceapadh ina Oifigeach Cuntasaíochta, cónascadh an dá fhoireann agus lonnaíodh iad ag Geata na Páirce.  Rinneadh athdháileadh ar an obair ansin; ceapadh an té a bhí ina iar-Leasoifigeach Airgeadais ina “oifigeach airgeadais”.

In Eanáir 1929, cuireadh deireadh le post an Phríomh-Chléirigh agus cruthaíodh post an Phríomhaí. Faoin ath-eagar a rinneadh ar an Roinn ag an am, rinneadh an fhreagracht d’fheidhmeanna áirithe a bhain le Conarthaí agus Diúscairtí, Pá na nOifigeach, Pá na Saighdiúirí agus Liúntais Phósta, agus riaradh talún, mar shampla, a aistriú ón taobh míleata go dtí an taobh sibhialtach sa Roinn. 

In ath-eagar eile a rinneadh sa Roinn in 1930-1931, roinneadh an taobh Riaracháin ina cheithre chuid (S1 Rannóg Eagrúcháin an Airm, S2 Rannóg Ghinearálta, S3 Rannóg Teaghlachais agus S4 Rannóg Conarthaí agus Diúscairtí), trí cinn acu faoi Ardoifigigh Feidhmiúcháin agus ceann faoi Oifigeach Sinsir Foirne. Cruthaíodh ceithre rannóg freisin ar an Taobh Cuntasaíochta agus iad faoi chúigear Ardoifigeach Feidhmiúcháin. Ba iad sin: F1 An Rannóg Cuntas, F2 An Rannóg Cuntas Stórais agus Iniúchta, F3 An Rannóg Pá Oifigeach, F4 An Rannóg Pá Saighdiúirí. Aistríodh riaradh na talún go dtí S2 tamall ina dhiaidh sin.

Méadaíodh an fhoireann sa taobh Riaracháin agus sa taobh Cuntasaíochta araon i rith na 1930í; cruthaíodh breis post de thairbhe na hoibre breise in íocaíochtaí don Fhórsa Cúltaca, Conarthaí, Riaradh Talún, Pinsin, Réamhchúram in Aghaidh Aer-ruathar, cuntais stórais agus iniúchadh, mar shampla.