Content of the Collection

ÁBHAR AN BHAILIÚCHíIN

Cuimsithe sa bhailiúchán tá corpas mór éagsúil d’ábhar cartlainne agus de thaifid. úsáidtear dhá shruth leathana reachtaíochta chun léiriú a thabhairt ar nádúr agus ábhar na chomhad pearsanta na n-iarratasóirí agus ar ábharthacht na dtaifead cuiditheach riaracháin atá sa bhailiúchán.  Bailíodh na taifid thacaíochta riaracháin agus eile chun cuidiú leis an Roinn Cosanta agus leis na comhlachtaí a bunaíodh faoin reachtaíocht chun fiúntas chás gach iarratasóra a mheas.

Sonrú Comhad Cur Síos
P 1P: Pinsin nó aiscí faoi Acht Arm-Phinsean 1923 — Éilimh phearsanta a rinne iarbhaill (d’Óglaigh na hÉireann  nó  den Citizen Army, 1916) i dtaca le créachtú a tharla roimh 1/4/1922
2P;3P;4P;5P: Mar atá thuas i dtaca le créachtú a tharla tar éis 1/4/1922 nó i gcás galair a tolgadh tar éis 1/4/1922. 
D Liúntas nó aisce cleithiúnaí i dtaca le hiarbhaill a maraíodh roimh 1/4/1922.
DP Pinsean míchumais: ar a n-áirítear éilimh ar liúntas speisialta den chuid is mó agus míchumas níos deireanaí. 
MD Iarratais ar Bhoinn (Bonn 1916 agus Bonn Seirbhíse (1917-1921).
I RB/II RB/III MSRB Bord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata: Comhaid a dhéileáil le héilimh mhíchumais de thoradh seirbhíse Réamhshosa.  Déileálann na comhaid seo le cruthúnas seirbhíse, (créachtú nó bás faoi Acht 1932); ó 1932 go dtí 1957.
IRB/A Bord Cláraitheachta Sheirbhíse Míleata: Déileáil le cruthúnas seirbhíse (créachtú).
APB Bord na nArm-Phinsean: Déileáil le hiarratasóirí arbh éigean dóibh dul faoi scrúdú leighis.
24SP Iarratais ar Phinsin Seirbhíse Míleata faoi Acht 1924 — Do sheirbhís san Arm Náisiúnta agus freisin sa tréimhse Réamhshosa.
34SP Iarratais ar Phinsin Seirbhíse Míleata faoi Acht 1934 d’iarbhaill a rinne seirbhís Réamhshosa nó seirbhís Réamhshosa móide seirbhís leis na fórsaí Frithchonartha.
34REF Mar atá thuas, éilimh a chuireadh faoi bhráid an Réiteora.
49SP Iarratais ar Phinsin Seirbhíse faoi Acht 1949.
Con.Ran Iarratais ar phinsin ó bhaill de na Connaught Rangers de thoradh na ceannairce san India i Meitheamh 1920.

Naisc Úsáideacha