Togra Cartlannaíochta

Sa bhliain 2010, tar éis suirbhé cuimsitheach a dhéanamh ar an mbailiúchán MPD, socraíodh go ndéanfaí digitiú ar oiread de na bileoga agus ab fhéidir (bileoga A0 an chuid is mó acu), d'fhonn na bunbhileoga a shábháil ó ghnáthchaitheamh de réir úsáide agus d'fhonn deis níos fearr a bheith ar a mbreathnú trí mhodhanna oibre leictreonaice, go háirithe ar an idirlíon. Rollra i bhfeadáin mhóra cairtpháipéir a bhí na bileoga i dtaisce, níorbh fhurasta iad a bhreathnú agus ní raibh aon deis aimsithe leictreonaice (bunachar sonraí) ar fáil.  I bhfianaise an réimse mór oibre a bhí i gceist leis an togra, socraíodh comórtas tairisceana a eagrú d'fhonn comhlacht a aimsiú a bheadh in acmhainn an beart a thabhairt i gcrích ar bhuiséad teoranta agus é de choinníoll go n-oibreofaí go dlúth le cartlannaithe oilte na Cartlainne Míleata.  Ba le E-Docs, comhlacht atá lonnaithe ar Bhóthar na Coille Móra, Baile Átha Cliath, an rogha tairisceana.  Tar éis taighde a dhéanamh ar an sárchleachtas go hidirnáisiúnta, socraíodh an obair seo a leanas a thabhairt i gcrích:

Na bileoga a bhaint as na feadáin agus iad a shíneadh ar dhromchla cothrom

Digitiú (‘scanáil’) ardtaifigh a dhéanamh ar gach bileog

Bunachar sonraí a thiomsú maidir leis na bileoga digitithe sin 

Roinnt de na bileoga a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Cartlainne Míleata

Rinneadh an obair a roinnt ina céimeanna mar a leanas:

Céim 1:          
Seiceáil stoic maidir leis an mbailiúchán ar far, a bhfuarthas 2,000 bileog faoi leith ann, roinnt acu i riocht sodhamáiste. 

Céim 2:          
Sonraíocht a dhreachadh agus tairiscintí a iarraidh.  Cuairt ar an láthair le dreamanna a bheadh ag smaoineamh ar thairiscint d'fhonn an togra a mhíniú. 

Céim 3:         
Glacadh le tairiscint.  Seiceáil stoic agus an bailiúchán MPL a aistriú go dtí áis dhaingean de chuid E-Docs Ltd.

Céim 4:           
Bearta caomhnúcháin cartlannaíochta:  Fágadh do gach bileog 'ar bogadh' sa timpeallacht nua, leagadh go cúramach ar an gcothrom í, rinneadh í a dhigitiú agus a chur ina dhiaidh sin faoi chumhdach saindéanta saor ó aigéad le páipéar fíocháin saor ó aigéad mar mhaolán alcaileach idir na bileoga. Cuireadh barrachód le gach cumhdach ionas gur furasta a n-aimsiú arís agus cuireadh i dtarraiceáin léarscáileanna iad.

Céim 5:          
Digitiú.  Socraíodh cloí leis an sárchleachtas cartlannaíochta agus 'máistirchóip caomhnúcháin' a chruthú i bhformáid TIFF agus ina dhiaidh sin 'cóipeanna úsáide' i bhformáid PDF.  Dá dtarlódh aon ní go brách do na bunchóipeanna crua, tá an leibhéal is airde mioneolais caomhnaithe ar na máistirchóipeanna caomhnúcháin (a choinnítear i dtaisce i dtaisceadán dódhíonach ar láthair eile).  Rinneadh na bunbhileoga a scanáil ar chaighdeán 800dpi le comhbhrú neamhchaillteach de réir RGB 24 giotán.  Fágann sin cóip úsáide ar féidir súmáil a oibriú uirthi, rud a chuirfidh go mór leis an taighde is féidir a dhéanamh.  Caighdeán níos ísle atá ag baint leis na cóipeanna úsáide a chuirtear ar fáil ar an idirlíon (ag brath ar an gcaighdeán a roghnaíonn an lucht úsáide don íoslódáil) agus tá an cóipcheart ina leith ag an gCartlann Mhíleata — féach leathanach na bhfreagraí ar Cheisteanna Coitianta.

Céim 6:           
Bunachar Sonraí.    Rinne lucht cartlannaíochta ón gCartlann Mhíleata scrúdú ar gach bileog agus tiomsaíodh an t-eolas cuí ionas gur féidir cuardach a dhéanamh (e.g. ionad, ainm ag muintir na Breataine/ag muintir na hÉireann, dáta, eochairfhocail eile).  Rinneadh athbhreithniú ar na sonraí agus cheap E-Docs bunachar sonraí inúsáidte ar an ngréasán sa chaoi gur féidir na híomhánna digitithe maidir le gach ionad a bhreathnú, cuardach sainchóirithe a dhéanamh agus mapáil a dhéanamh le bogearra mapála ‘Google’ a bhfuil saorchead a úsáid ar an idirlíon (beidh comhordanáidí na n-ionad go léir á gcur isteach de réir a chéile).

Céim 7:           
Seoladh an bailiúchán ar an idirlíon agus i seomra léitheoireachta na Cartlainne Míleata.  An tráth céanna a mbeadh www.militaryarchives.ie á sheoladh i mí na Nollag 2011, socraíodh an 650 bileog tosaigh den bhailiúchán MPL a chur ar fáil.  Mar gheall ar chúrsaí slándála, níl aon cheann de na bunáiteanna míleata atá in úsáid faoi láthair i gceist leis an gcuid atá á bhfoilsiú ar an idirlíon. 

Céim 8:           
Is féidir leis an lucht taighde a shocraíonn coinne sa Chartlann Mhíleata íomhánna digiteacha a bhreathnú ar scáileán mór sa seomra léitheoireachta, ionas gur féidir peanáil agus súmáil a dhéanamh ar fud an íomhá ar uilig.  Is féidir, i gcás iarratais speisialta, na bunbhileoga páipéir a chur ar fáil (cuirtear an t-iarratas in iúl roimh ré, le do thoil), ach coinníollacha maidir le cúrsaí caomhnúcháin a shásamh. 

Pleananna don am atá romhainn

Tá daoine d'fhoireann na Cartlainne Míleata ag leanacht den obair ar mhapaí, pleananna agus léaráidí eile sa bhailiúchán d'fhonn a bhfoilsiú ar an idirlíon sa bhliain 2012 agus sna blianta dar gcionn.  Mura mbíonn an t-ionad atá á chuardach agat ar fáil duit ar an idirlíon, seiceáil leis an gcartlannaí dualgais agus d'fhéadfadh go gcuirfí bunchóip páipéir ar fáil duit idir an dá linn, ach coinníollacha maidir le cúrsaí caomhnúcháin a shásamh.