(copy 1)

Stair

 

Bailiúchán na Cartlainne Míleata de Mhapaí, Pleananna agus Léaráidí maidir le Beairicí Míleata in Éirinn

Réamhrá

Tá an Bailiúchán Mapaí, Pleananna agus Léaráidí (Bailiúchán MPL) de Bheairicí Míleata in Éirinn ar an acmhainn is nua ar líne ag an gCartlann Mhíleata don lucht taighde.  Tiomsaíodh an bailiúchán as cnuasach de mhapaí, pleananna agus léaráidí ailtireachta de chuid an 19ú agus an 20ú céad maidir le hionaid mhíleata ar fud oileán na hÉireann - cuid mhór acu nach raibh le feiceáil roimhe seo - agus tá deis faoi leith ann oidhreacht ailtireacht mhíleata na hÉireann a scrúdú.   

Tháinig an bailiúchán MPL ó réimse foinsí éagsúla, faoi rialú na Breataine (an Ríocht Aontaithe) agus rialú na hÉireann (an Saorstát agus an Phoblacht) araon. Is iad lucht na Breataine a thóg mórchuid mhór na n-ionad míleata atá fós ar fáil in Éirinn (ó thuaidh agus ó dheas de theorainn an lae inniu), beairicí, poist, campaí, dúin agus caisleáin san áireamh, agus sin i rith an naoú aois déag.  Dá réir sin, ba don War Office (comhionann na Roinne Cosanta ag an am) a rinne an Royal Engineer Corps in Arm na Breataine an chuid is mó de na taifid MPL an chéad lá riamh.  Is as na hoifigí líníochta i Southampton den chuid is mó a tháinig na léaráidí, cé gur mhinic an obair sin á déanamh i gcomhar le hoifigí na Suirbhéireachta Ordanáis i mBeairic Mhuinseo i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile ítha Cliath, mar a bhfuil Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann sa lá atá inniu ann.  Ba faoi choimirce fhorais éagsúla de chuid na Corónach, leithéid Bhord na nOibreacha Poiblí agus Bhord na mBeairicí tráth ab fhaide anall, a rinneadh na beairicí a thógáil.

Gearrchuntas ar stair na mbeairicí in Éirinn

Rinneadh roinnt tuarascálacha faoi shláinte na saighdiúirí agus faoin gcaiteachas ar fhoirgníocht beairicí in  Éirinn a chur le chéile don House of Commons i Londain i rith an 19ú céad agus tús an 20ú aois.  De réir tuarascáil sa bhliain 1847, ina leagtar amach mionsonraí faoi 138 beairic in Éirinn i bhfoirm tábla, bhí 35 a tógadh roimh an mbliain 1791, 69 idir na blianta 1791 agus 1815 (ré Napoleon) agus 16 tar éis na bliana 1815.  Seo a leanas an dáileadh orthu sin de réir na gCúigí:

·         Cúige Uladh — 28

·         Cúige Laighean — 35

·         Cúige Mumhan — 54

·         Cúige Chonnacht — 23

Deirtear maidir leis an mbeairic is sine a luaitear sa tuarascáil, Elizabeth Fort i gCeantar Chorcaí, gur tógadh í i rith an 16ú céad, go raibh áit codlata inti ag trí dhuine dhéag is fiche d'oifigigh neamhchoimisiúnaithe agus saighdiúirí singil, nach raibh aon deiseanna níochán ann ag na fir agus go raibh sé, sa bhliain 1847, i seilbh na bpóilíní.  Is dócha gurbh í an bheairic ab iomráití in Éirinn, go cinnte i mBaile ítha Cliath, na Royal Barracks (Dún Uí Choileáin ó 1922 ar aghaidh) ina bhfuil Ard-Mhúsaem na hÉireann anois, leis an taispeántas Saighdiúirí agus Ceannairí. Cuireadh tús leis an obair thógála ar an Royal Square, a bhain leis na Royal Barracks, Baile ítha Cliath, sa bhliain 1701 agus de réir Acht Parlaiminte sa bhliain 1707 “...all officers, soldiers, troops and companies in her Majesty’s Army … shall be lodged in the barracks … instead of being accommodated in the public taverns and alehouses within the city”.  Cuireadh Cearnóg na bPalaitíneach leis an mbeairic sa bhliain 1767, an t-ospidéal sa bhliain 1790 agus an chuid eile den fhoirníocht sa bhliain 1825.  Faoin mbliain 2001, nuair a mháirseáil an 5ú Cathlán Coisithe agus an Dara Complacht Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais Mhachaire amach agus tugadh an bheairic ar láimh don Ard-Mhúsaem, bhí sí ar an mbeairic ab fhaide a bhí in úsáid mhíleata ar fud na hÉireann agus na Breataine.

I rith ré Napoleonic, nuair a bhí bagairt ón bhFrainc don Ríocht Aontaithe (a raibh Éire ina cuid de faoi Acht an Aontais 1801), tháinig borradh faoi bheairicí agus dúin chosanta le cósta, leithéid túr Martello, a thógáil.  Is léir ó chuntas oifigiúil sa bhliain 1801 gur caitheadh £57,717 14s 5d in Éirinn an bhliain sin ar bheairicí nua a thógáil, agus sa bhliain 1813 d'fhoilsigh Oifig na mBeairicí meastacháin maidir le costas iomlán na mbeairicí uile a raibh an obair thógála orthu tugtha chun críche nó á tabhairt chun críche. £30, 479 an tsuim iomlán agus bhain an caiteachas ba mhó leis na beairicí i gCill Mhaighneann (Richmond), Parsonstown (Biorra), sa Teampall Mór agus le Beairic Portobello (Baile ítha Cliath).

Maidir le tuiscint ar lonnú saighdiúirí in Éirinn, cuidíonn an bailiúchán MPL, ina bhfuil bileoga áirithe ar ar cuireadh síos pleananna mioneolais ailtireachta agus táblaí cóiríochta, le léargas a thabhairt ar an gcóiríocht a bhí ar fáil do shaighdiúirí, d'ainmhithe agus don trealamh in Éirinn i rith an 19ú aois agus an 20ú aois.  Tá léiriú áirithe le fáil mar shampla ó na pleananna ailtireachta agus ó cheannchlónna maidir leis an Remount Depí´t i Lusca ar an úsáid a bhí as capaill (athrú capaill a bhí i gceist le remount, don mharcra go hiondúil) in arm na Breataine sa 19ú aois.  Ó thaobh staitistice de, luaitear i liosta ón 19ú aois go raibh cóiríocht i 121 beairic bhuan agus 171 beairic shealadach (idir bheairicí coisithe agus bheairicí marcra) do 73,462 fear, 2,525 oifigeach agus 70,937 ar chéimeanna eile (Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe agus saighdiúirí singil). Níl aon fhigiúr cruinn eile ar fáil maidir le líon saighdiúirí Arm na Breataine in Éirinn go dtí an bhliain 1859, nuair a tosaíodh ar shonraí a chur ar fáil ó aonaid/reisimintí faoi leith gach mí. Ina ainneoin sin, is cosúil ó shraith de thuairiscí neamhdheimhnithe ar shonraí bliantúla i ndáil leis an tréimhse idir 1802 agus 1844 go raibh 11,961 fear in Éirinn sa bhliain 1802; 22,780 sa bhliain 1822 agus 21,251 sa bhliain 1844.  Ar an 1 Nollaig 184, bhí seacht reisimint marcra agus 31 aonad coisithe lonnaithe in Éirinn, depí´ts san áireamh.

Tá tuiscint faoi leith le baint as líon na saighdiúirí a bhí ag Arm na Breataine in Éirinn sular tugadh na beairicí ar láimh (mar a tharla tar éis an Conradh Angla-Éireannach a aontú i mí na Nollag 1921).  Ar an 1 Deireadh Fómhair 1921, bhí 57,116 i gceist, ardú 8,376 ar fhigiúr Dheireadh Fómhair 1920 agus ardú 22,834 ar fhigiúr na bliana 1913.  Bhí á leagan amach sa phlean aslonnaithe d'fhórsaí na Breataine go mbeadh na trúpaí i Victoria Barracks (Dún Uí Choileáin anois) i gCorcaigh, i gcampa an Churraigh (mar a raibh seacht gcinn de bheairicí éagsúla agus mar a bhfuil Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann anois) agus i mbeairicí i gcathair Bhaile ítha Cliath, agus go dtarlódh an t-aslonnú san ord sin.  Ón am a síníodh an Sos Cogaidh, ba í an bheairic i gCloichín an chéad bheairic a d'fhág arm na Breataine ar an 25 Eanáir 1922.  Ba é an post míleata deireanach a tugadh ar láimh do Shaorstát Éireann (taobh amuigh de chalafoirt an Chonartha sa bhliain 1939) na Royal Barracks (Dún Uí Choileáin anois) i mBaile ítha Cliath ar an 17 Nollaig 1922.

Stair agus Foinse an Bhailiúcháin

I rith na mblianta tar éis shaoirse na hÉireann sa bhliain 1922, chuir Cór Innealtóirí Óglaigh na hÉireann mapaí agus pleananna leasaithe ar fáil, agus rinneadh chomh maith roinnt beairicí a thógáil ó shin, i gceantar na teorann go hiondúil (Beairic Mhuineacháin mar shampla).  Is den tábhacht a choinneáil i gcuimhne go ndearnadh ainm nua a thabhairt ar bheagnach gach beairic tar éis Saoirse a bhaint amach, mar shampla Dún Mhic Fhlannchaidh ar Islandbridge Barracks i mBaile ítha Cliath.  Ní féidir ina dhiaidh sin is uile, foinse aon léaráid ailtireachta faoi leith a chinntiú le tagairt d'ainm an ionaid amháin.  Níor tharla Dún Chathail Bhrugha a thabhairt ar Bheairic Portobello i Ráth Maonais i mBaile ítha Cliath mar shampla go dtí an bhliain 1952.  Go deimhin, tá lorg athúsáid bhunphleananna an Royal Engineer Corps le sonrú ar chuid mhór de na chéad phleananna ag an gCór Innealtóirí ach an bunainm glanta amach agus an t-ainm Gaeilge curtha isteach ina áit. Is iondúil síniúchán an oifigeach innealtóireachta ar leis an léaráid ag bun na bileoige ar dheis.

Faigheann an Chartlann Mhíleata mapaí, pleananna agus léaráidí ó fhoinsí éagsúla, ina measc Cór Innealtóirí Óglaigh na hÉireann, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh, aonaid a fhilleann ó mhisin le sainordú na Náisiún Aontaithe thar lear agus ó fhoinsí príobháideacha.  Ina ainneoin sin, is ó cheanncheathrú Oifig na nOibreacha Poiblí i bhFaiche Stiabhna a fuarthas mórchuid mhór na dtaifead sa bhailiúchán MPL i dtús na 1980idí, faoi mhaoirseacht Oifigeach i gCeannas na linne, an Ceannfort Peter Young (RIP).  Tá na mapaí á gcoimeád le húsáid ag lucht taighde sa Chartlann Mhíleata in éineacht le taifid fhaisnéise eile de chuid na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann, mar shampla comhaid faoi obair thógála agus deisiúcháin ar bheairicí.