Robert McEvoy

Post - Cartlannaí Sibhialtach

Tá Rob McEvoy fostaithe le bheith ag obair ar Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923). Tá Máistreacht i mBainistíocht Cartlann agus Taifead ag Rob agus tá breis is deich mbliana de thaithí aige ina chartlannaí gairmiúil. Sular bhain sé a cháilíocht amach, bhain Rob Máistreacht sa Stair amach. Tá suim faoi leith aige i stair na hÉireann san fhichiú haois agus i dTuaisceart na hÉireann. Tá sé ag obair ar an Tionscadal ón mbliain 2012. Áirítear ar a chuid dualgas ábhar a phróiseáil le cur amach chuig an bpobal agus tabhairt faoi ghníomhaíochtaí cur chun cinn de réir mar a bheidh riachtanach.