Michael Keane

Post - Cartlannaí Sibhialtach

Bhain Michael Keane BA sa Stair agus sa tSocheolaíocht amach i U.C.C., chomh maith le hArd-Dioplóma i mBainistíocht Cartlann agus Taifead a bhaint amach i U.C.D. Tá sé ag obair mar chartlannaí ar Thionscadal Pinsean na Seirbhíse Míleata ó 2008. Chomh maith le dualgais a bhaineann le próiseáil agus le bunachair sonraí tá sé i ndiaidh tabhairt faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana don Tionscadal mar aon le gníomhaíochtaí chun an Tionscadal a chur chun cinn.