Lisa Dolan

Post - Cartlannaí Sibhialtach

Is í Lisa Dolan atá ina Ceann ar Sheirbhísí do Léitheoirí, Oideachas agus For-rochtain agus tá sí ag obair sa Chartlann Mhíleata ó mhí na Bealtaine 2008. Bhain sí céim B.A. sa Stair agus i Sibhialtacht na Gréige agus na Róimhe amach i UCD agus bhain sí céim Mháistir i mBainistíocht Cartlann agus Taifead amach i UCD. Tá príomhfhreagrachtaí Lisa dírithe den chuid is mó ar idirghníomhaíocht leis an bpobal agus tá freagracht faoi leith uirthi chun na hoibrithe deonacha, a thugann a gcuid ama go flaithiúil chun taifid a liostú agus chun tionscadail inmheánacha eile a chur ar aghaidh, a bhainistiú. Mar aon lena príomhdhualgais, déanann Lisa na taifid atá cruthaithe ag an eagraíocht a phróiseáil chomh maith le cuidiú a thabhairt do thaighdeoirí poiblí sa seomra léitheoireachta ar bhonn uainíochta lena comhghleacaithe. I measc na mbailiúchán atá próiseáilte ag Lisa tá bailiúchán Collins (1917-1922) agus páipéir príobháideacha an Leifteanant-Ghinearáil Seán McKeown.