An Ceathrúsháirsint Complachta Thomas Mitchell

Post - Bainisteoir Stóir

Chuaigh an Ceathrúsháirsint Complachta Thomas Mitchell in Óglaigh na hÉireann i 1981 agus tá sé ina Bhainisteoir Stóir ar an gCartlann Mhíleata. Is é Tom Oifigeach Dóiteáin, Bainistithe Fuinnimh agus Leasa na Cartlainne Míleata, agus is é atá freagrach as ceannach agus as an mbuiséad a bhainistiú, agus dul i mbun plé le hinstitiúidí seachtracha do thaispeántais agus d'iasachtaí.

D'fhóin sé i roinnt aonad sular ceapadh é sa Chartlann Mhíleata lena n-áirítear an 5ú Cathlán Coisithe, an 2ú Cathlán Coisithe, Ceanncheathrú Ceannasaíochta an Oirthir, an 2ú Cathlán Tacaíochta Lóistíochta, an 67ú Cathlán Tacaíochta Lóistíochta Cúltaca, agus Cathghrúpa an Aontais Eorpaigh. D'fhóin sé le go leor aonad eile ar feadh tréimhsí éagsúla le linn a ghairmréime.

Bhain Tom BA sa Stair, Polaitíocht, Eacnamaíocht agus Fealsúnacht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MA i gCearta Daonna i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhronn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Deimhniú Gairmiúil i mBainistíocht Cartlainne air in 2016.