An Ceannfort Daniel Ayiotis

Post - Oifigeach i gCeannas

Chuaigh an Ceannfort Daniel Ayiotis isteach san Arm mar Dhalta leis an 79ú Rang Daltaí in 2002. Bhí sé ag fónamh Bhí sé ina chultacaí ón mbliain 1998 leis an 7ú Reisimint Airtléire Mhachaire. In 2004 coimisiúnaíodh ina Dhara Leifteanant é leis an 27ú Cathlán Coisithe i nDún Dealgan agus i Muineachán. D'fhóin sé thar lear leis an Arm sa Chosaiv (2009-10) agus sa Liobáin (2012). Cuireadh é chuig an 2 Briogáid den Ghrúpa Ordanáis i nDún Chathail Bhrugha in 2013 agus in 2015 d'éirigh leis cur isteach ar an bpost mar oifigeach foirne sa Chartlann Mhíleata. Bhain Daniel BA sa tSocheolaíocht, Polaitíocht agus Fealsúnacht amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (2005-08) agus bhain sé MA i mBainistíocht Cartlann agus Taifead amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2016).