Cé muid

Is í an Chartlann Mhíleata an áit oifigiúil a bhfuiltear ag cur taifid Óglaigh na hÉireann, na Roinne Cosanta agus Bhord na nArm-Phinsean i dtaisce ón mbliain 1990, faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Is sainchúram dár gcuid ábhar a bhailiú a bhaineann leis an tréimhse ó bunaíodh an Stát go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear ábhar a bhain le misin thar lear. Thuig an tArm Náisiúnta an tábhacht a bhain le Cogadh na Saoirse, agus ón mbliain 1924 i leith tugadh faoi dhoiciméid stairiúla na linne sin a chaomhnú. Bhí na Collins Papers, comhaid Faisnéise agus Oibríochtaí ón gCogadh Cathartha agus Doiciméid Ghafa (ón gCogadh Cathartha suas go dtí an bhliain 1925), a bhfuil fáil orthu go dtí an lá ata inniu ann, ar chuid de na bailiúcháin ba luaithe a chaomhnaigh an Rannóg Staire.

Cad a Dhéanaimid

Chomh maith le freastail ar riachtanais fianaise, dlí agus oidhreachta Óglaigh na hÉireann agus na Roinne Cosanta, is féidir leis an gCartlann Mhíleata seirbhísí poiblí a chur ar fáil do réimse leathan ábhar spéise, idir cheisteanna a bhaineann le stair theaghlaigh, thaighde acadúil agus ábhar do chláir faisnéise teilifíse agus raidió. Ina theannta sin, déanaimid cuairteanna ó institiúidí dara agus tríú leibhéal a éascú, ach iad a iarraidh, mar aon le seisiúin eolais a chur ar fáil ar na bailiúcháin do ghrúpaí spéise éagsúla. Tá teacht ag institiúidí ar na taispeántais atá tugtha dúinn ar iasacht a bhaineann leis na Cás-Staidéir a rinneadh ar Óglaigh na hÉireann agus ar 1916