An Mionoifigeach Patrick Campbell

I mí an Mhárta 2015, thug an Mionoifigeach Patrick Campbell, atá anois ar scor, cuairt ar an gCartlann chun na cuimhní a bhí aige ar an gcéad turas mór thar lear a rinne an L.É Macha a insint. Chuaigh an Mionoifigeach Campbell isteach sa tSeirbhís Chabhlaigh i mí Mheán Fómhair 1946 agus d'fhóin sé ar bord an L.É. Macha mar Mheicneoir sa Seomra Innill ar a turas go Nice.

Bhí aois 90 bainte amach aige go gairid roimhe sin agus rinne sé teagmháil lenár n-oifig nuair a mhol a mhuintir dó amhlaidh a dhéanamh. Táimid faoi chomaoin aige as an gcúnamh a thug sé dúinn roinnt de na híomhánna atá ar taispeáint sa taispeántas seo a aithint. Gabhaimid buíochas faoi leith leis áfach, as a bheith chomh flaithiúil agus a chuid grianghraf agus cuimhní pearsanta féin a roinnt linn.

Cliceáil ar an íomhá thíos chun éisteacht le píosaí den agallamh a rinne sé

Deimhniú Seirbhíse don Mhionoifigeach Patrick Campbell